Cosán nascleanúna

Doirse a oscailt do lucht míchumais - 01/12/2008

Múinteoir i gcathaoir rotha i seomra ranga lán de mhic léinn © EC

Lorgaíonn an tAE smaointe chun saol lucht an mhíchumais a fheabhsú.

I gcathair Linares i ndeisceart na Spáinne tá doirse in easnamh i gcuid de na siopaí, ach ní de bharr na dea-aimsire. De bharr dhaoine mar Coral Montilla Gonzalez, ar gá cathaoir rotha di, atá an scéal amhlaidh.

Obair mhór a bhíodh sa tsiopadóireacht di tráth. D'athraigh sé sin nuair a athchóiríodh an ceantar chun rochtain do lucht míchumais a fheabhsú. Íslíodh colbhaí, rinneadh rampaí do chathaoireacha rotha, is cuireadh oscailtí leathana in ionad doirse.

"Tig liom dul in a lán áiteanna nach raibh inrochtana dom cheana," ar sise. "Bhíodh cabhair uaim. Níl anois."

Taispeánann tionscnamh Linares tábhacht an rialtais áitiúil san iarracht chun lucht míchumas a thabhairt isteach sa phríomhshruth. Tá spéis ag fás sa ghníomhaíocht sin agus an tAE – a bhfuil deireadh ag teacht lena phlean gníomhaíochta do lucht míchumais DeutschEnglishfrançais i 2010 – ag lorg smaointe faoi na nithe ba cheart a dhéanamh feasta do dhaoine faoi mhíchumas.

An gníomhú áitiúil ba théama do chomhdháil a d'eagraigh an Coimisiún i mí na Nollag chun Lá Eorpach Lucht an Mhíchumais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a mharcáil. I measc nithe eile, phléigh na rannpháirtithe conas cistí an AE a chur ag obair go háitiúil chun saol lucht an mhíchumais a fheabhsú.

Tá breis is 50 milliún Eorpach - os cionn 10% den daonra - faoi mhíchumas. Dóibhsean, dúshlán mór is ea creachlaoisí laethúla amhail dul chuig oifig an phoist nó siopadóireacht. Agus cé gur mó an chabhair a fhaigheann siad anois nó tráth dá raibh, bíonn baic ollmhóra fós os a gcomhair - san fhostaíocht, san oideachas is sa tithíocht -- arb ionann iad is leithcheal.

Coscann dlíthe an AE leithcheal san ionad oibre cheana féin. Níos luaithe i mbliana, mhol an Coimisiún reachtaíocht chun comhdheiseanna rochtana a chinntiú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska i réimsí eile. Le cách a bhainfeadh an dlí, ní le lucht míchumais amháin.

Ionstraim dhlíthiúil eile a mbeidh tionchar mór aige ar bheartas an AE is ea coinbhinsean nua na NA faoi chearta lucht míchumais DeutschEnglishfrançais , a chlúdaíonn gach rud ón gceartas is an t-iompar go cúrsaí sláinte agus teicneolaíocht na faisnéise. Mórathrú is ea an coinbhinsean toisc go ndéanann sé ceist cearta an duine den mhíchumas, ní ceist leasa shóisialta amháin.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links