Cosán nascleanúna

An Margadh saothair a oscailt - 18/11/2008

Meirge na Jab-laethanta Eorpacha os cionn dorais © EC

Ní gá srianta ar oibrithe a bhogann ó bhallstáit nua AE, dar le tuairisc.

Le méadú an AE i 2004, bhí imní ar chuid dá 15 ballstát faoi thuilte oibrithe a bheadh chucu ó lár is ó oirthear na hEorpa.

Mar sin ceadaíodh dóibh srian a chur ar rochtain ar a margaí saothair, á dhéanamh níos deacra do dhaoine nua dul ag obair ann. Is ionann na srianta a cuireadh ar an mBulgáir is ar an Rómáin is iad ag teacht isteach i 2007.

Anois is cosúil nach raibh bonn leis an imní seo. Dar le tuairisc nua AE, is mó go mór líon na n-oibrithe a bhog isteach ó áiteanna lasmuigh den Aontas nó a tháinig anoir ó oirthear na hEorpa. Thairis sin, agus an cúlú geilleagrach ag laghdú an éilimh ar oibrithe, meastar gur i laghad a rachaidh na feachtaí oibrithe seo.

Is beag fianaise gur chaill mórán oibrithe áitiúla a bpoist de dheasca oibrithe nua ná gur laghdaíodh a dtuarastail. A mhalairt sin, is mór an chabhair do na "sean"-gheilleagair na hoibrithe ó bhallstáit nua, mar fhaoiseamh ar ghanntanais oibrithe in a lán limistéirí.

Dá bhrí sin tá an Coimisiún ag gríosadh na mBallstát AE chun aon srianta atá fós acu a chealú agus lánrochtain ar a margaí saothair a thabhairt do na baill nua. “Bunsaoirse do dhaoine san AE is ea an ceart dul ag obair i dtír eile,” arsa Coimisinéir na fostaíochta Vladimír Špidla češtinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . "Iarraim ar bhallstáit machnamh an gá fós na srianta sealadacha ar shaorghluaiseacht, faoi léas na fianaise atá inár dtuarascáil inniu."

Níl ach an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin is an Ostair a leagann srianta margadh saothair fós ar ocht dtír i lár is in oirthear na hEorpa a tháinig isteach san AE i 2004. Ach maireann na srianta in a lán tíortha ar oibrithe ón mBulgáir is ón Rómáin. Dá gcealófaí iad, chabhrófaí chun fadhbanna de dheasca margaí saothair dúnta a sheachaint, amhail obair i nganfhios agus féinfhostaíocht bhréige.

Inniu, is ionann is 0.9% líon na náisiúnach ó na ballstáit nua mar chéatadán de dhaonra na mBallstát AE iartharacha. I 2003, b'é 0.4% an figiúr. Mar chomparáid, d'fhás céatadán na náisiúnach neamh-AE atá ina gcónaí sna 15 sean-Bhallstát AE ó 3.7% i 2003 go 4.5% inniu.

Is ón bPolainn, ón Liotuáin is ón tSlóvaic formhór na n-oirthearach AE atá ag obair san iarthar, agus is go hÉirinn is chun na Breataine a chuaigh siad, dhá thír a d'oscail a margaí saothair láithreach. Sa Spáinn is san Iodáil is mó a bhíonn Rómánaigh ag obair.

Tuarascáil faoi shoghluaisteacht oibrithe DeutschEnglishfrançais .

Spéis agat in obair thar lear? българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links