Cosán nascleanúna

Bacanna an aineolais a bhriseadh le comhphlé - 30/04/2008

Mósáic de bhratacha náisiúnta á mbeartú ag  óg-ghrúpa ón Eoraip is ón Maghreb

Seacht ndíospóireacht ar son an aontais san éagsúlacht. 

Le linn na Bliana Eorpaí don Chomhphlé Idirchultúrtha  tá sraith díospóireachtaí  d'fhonn straitéis an Aontais Eorpaigh faoin gcomhphlé idirchultúrtha feasta a mhúnlú.  Tugann gach díospóireacht Coimisinéirí Eorpacha, Comhaltaí Parlaiminte, gníomhaithe na sochaí sibhialta, baill de ghrúpaí machnaimh, iriseoirí agus mic léinn le chéile chun téama a phlé.  

An comhphlé idir-reiligiúnach a bheidh mar théama don chéad chruinniú eile, an 14 Bealtaine.  Agus scoilteanna eitneacha agus bunúsachas reiligiúnach ag méadú, is mó ná riamh is gá a leithéid de phlé.  Conas meas ar a chéile agus tuiscint dá chéile a chothú idir na pobail is na reiligiúin éagsúla, conas luach a thabhairt dár n-éagsúlacht chultúrtha is reiligiúnach, conas saoránaigh a thabhairt le chéile gan bhuíochas dá gcreidimh éagsúla - sin iad na ceisteanna móra a bheidh faoi phlé sa tríú díospóireacht i mbliana. 

Faoi thionchar an imirce ar an gcomhphlé idirchultúrtha, agus faoi ról an chultúir is na n-ealaíon i gcothú na comhthuisceana idir phobail, a bhí an chéad dá dhíospóireacht.  Tá ceithre chruinniú eile beartaithe don chuid eile den bhliain.  Na téamaí:  an comhphlé idirchultúrtha ar láthair na hoibre, an t-ilteangachas, an t-oideachas, agus faoi dheireadh, ról na meán. 

Bíonn na díospóireachtaí ar oscailt do chách:  tig leat clárú nó do thuairim a thabhairt ar fhóram ar líne ar feadh seachtaine roimh dháta na díospóireachta, agus ar feadh seachtaine ina dhiaidh.   

Bain tairbhe as deis seo na Bliana Eorpaí don Chomhphlé Idirchultúrtha chun do thuairimí faoi fheabhsú an chaidrimh idir reiligiúin a nochtadh.  Seachas na díospóireachtaí, beidh imeachtaí ar siúl a bhainfidh leis an óige, leis an gcultúr agus leis an saoránacht, chomh maith le  27 tionscadal náisiúnta, i rith na bliana 2008 go léir.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links