Cosán nascleanúna

Réamhaisnéis eacnamaíoch an AE - Fás ag leathnú - 05/05/2014

Nótaí bainc euro i bhfoirm saigheada atá dírithe suas agus síos

Tá ionchas eacnamaíoch an AE ag neartú. Léiríonn táscairí tábhachtacha go neartóidh fás an OTI sa ghearrthéarma, agus tá na dálaí le haghaidh téarnaimh leanúnaigh sa mheántéarma ag feabhsú freisin.

Deimhníonn na príomhtháscairí uile go bhfuil téarnamh ar siúl.  

Ón uair a rinne an Coimisiún a réamhaisnéis dheireanach sa gheimhreadh ελληνικάfrançaisEnglishNederlandsromânăportuguêshrvatskislovenščinasvenskaitalianolatviešu valodaMaltilietuvių kalbaбългарскиslovenčinaeesti keelčeštinasuomimagyardanskpolski, tá an t-ionchas don AE agus don limistéar euro araon ag deimhniú go bhfuil téarnamh ar siúl atá ciúin ach leanúnach. Ba é 1.6% an fíor-ráta fáis in OTI san AE agus 1.2% sa limistéar euro in 2014, agus meastar go méadóidh sin go 2% agus go 1.7% faoi seach in 2015. Cé go mbeidh rátaí fáis difriúla fós ann, tiocfaidh cúngú ar an mbearna idir na tíortha is fearr feidhmíocht agus iadsan a bhfuil deacrachtaí fós acu. Meastar go bhfásfaidh gach geilleagar san AE arís in 2015.

Dúirt Siim Kallas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin: "Tá an téarnamh i réim anois. Tá na heasnaimh laghdaithe, tá infheistíocht ag teacht aniar agus, rud is tábhachtaí, tá feabhas tosaithe ar staid na fostaíochta. Is léir go bhfuil toradh ar na hiarrachtaí athchóirithe leanúnacha atá á ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an AE féin. Cuireann an t-athrú struchtúrach atá ar siúl i gcuimhne dom an coigeartú as cuimse i ngeilleagair lár agus oirthear na hEorpa sna 1990í agus sna blianta ina dhiaidh sin, coigeartú a bhí nasctha lena dteacht isteach san AE go díreach 10 mbliana ó shin. Léiríonn a gcuid taithí a thábhachtaí atá sé leasuithe struchtúrtha a ghlacadh go luath agus cloí leo, is cuma cé na dúshláin a bhíonn romhainn ar feadh na slí. Den mheon sin, ní mór dúinn gan ár n-iarrachtaí a laghdú chun tuilleadh post a chruthú do mhuintir na hEorpa agus acmhainneacht fáis a neartú."

Dífhostaíocht 

Thosaigh feabhas ag teacht ar dhálaí sa mhargadh saothair in 2013. Mar sin féin, agus toisc gan ach fás eacnamaíoch teoranta a bheith ar siúl agus de thoradh an ghnáth-aga moille a bhíonn idir téarnamh agus fostaíocht, meastar gur beag cruthú glan post a bheidh ann sa ghearrthéarma. 

Tuartar go laghdófar an dífhostaíocht sa limistéar euro agus san AE beagán i mbliana. Meastar go mbeidh an ráta dífhostaíochta thart ar 10.1% san AE agus 11.4% sa limistéar euro in 2015. Beidh difríochtaí suntasacha ann i gcónaí idir Bhallstáit an AE i rith thréimhse na réamhaisnéise (4.8% san Ostair agus 26% sa Ghréig i mbliana).

Boilsciú

Beidh an boilsciú íseal ar feadh tamaill mhaith. Seo cuid de na tosca is cúis le boilsciú íseal i bpraghsanna do thomhaltóirí: titim na bpraghsanna tráchtearraí, méadú leanúnach ar luach an euro, éileamh atá lag i gcónaí agus méaduithe iomaíochais i dtíortha leochaileacha an AE. 

Ón leibhéal íseal ar a bhfuil sé, 0.8% sa limistéar euro agus 1% san AE in2014, méadóidh an boilsciú beagán in 2015, go dtí 1.2% agus 1.5% faoi seach ar an meán. 

Airgeadas poiblí 

Le linn 2011-13, cuireadh laghduithe móra ar chaiteachas poiblí i bhfeidhm in go leor tíortha san AE. A bhuí leis na hiarrachtaí sin agus le dálaí feabhsaithe, tá seasamh an bheartais fhioscaigh níos neodraí anois.

In 2014, meastar go mbeidh na heasnaimh sa bhuiséad ag 2.7% agus 2.5 % den OTI san AE agus sa limistéar euro faoi seach. Tuartar go sroichfidh cóimheas idir fiacha agus OTI an AE a bhuaic i mbliana ag thart ar 90% (96% sa limistéar euro), sula dtosóidh sé ag titim in 2015 agus ina dhiaidh sin.

Preaseisiúint - réamhaisnéis an earraigh 2014 ελληνικάfrançaisEnglishNederlandsromânăportuguêshrvatskislovenščinasvenskaitalianolatviešu valodaMaltilietuvių kalbaбългарскиslovenčinaeesti keelčeštinasuomimagyardanskpolski

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links