Cosán nascleanúna

An Seimeastar Eorpach 2014: téarnamh a neartú - 13/11/2013

Bean ag amharc trí dhéshúiligh ina bhfuil boinn euro © AE

Pacáiste de mholtaí eacnamaíocha agus buiséadacha a shocraíonn tosaíochtaí do 2014; ina measc tá fadhb na dífhostaíochta a réiteach agus gníomhaíocht iasachtaí bainc a thabhairt ar ais sa gheilleagar.

Is é an dúshlán is mó atá os comhair gheilleagar na hEorpa faoi láthair conas an téarnamh atá ar siúl a choinneáil ar bun. Sin an phríomhtheachtaireacht a bhí sa Suirbhé Bliantúil ar Fhás English (en) a ghlac an Coimisiún inniu. Le glacadh an tsuirbhé sin cuirtear tús leis an gceathrú Seimeastar Eorpach de chomhordú na mbeartas eacnamaíoch i dtréimhse ina bhfuil borradh ag teacht faoin bhfás arís agus ina bhfuil na Ballstáit ag déanamh dul chun cinn maidir leis na héagothromaíochtaí a tháinig chun cinn roimh an ngéarchéim a chur ina gceart.

Sin an fáth a bhfuil an straitéis chothromaithe fáis agus fostaíochta ag an gCoimisiún, agus go bhfuil sé dírithe ar chúig phríomhthosaíocht sa bhliain amach romhainn:

  • Comhdhlúthú fioscach difreáilte, a spreagann fás, a chothú
  • Gníomhaíocht iasachtaí bainc a thabhairt ar ais sa gheilleagar
  • Fás agus cumas iomaíochta don am i láthair agus don todhchaí a chur chun cinn
  • Fadhb na dífhostaíochta agus iarmhairtí sóisialta na géarchéime a réiteach
  • An córas riaracháin phoiblí a nuachóiriú

Seo a bhí le rá ag an Uachtarán Barroso: "Tréimhse chinniúnach atá ann do gheilleagar an AE. Tá toradh ag teacht ar an dianobair a rinne an AE agus tá borradh á chur faoin bhfás de réir a chéile. Meabhraítear sa Suirbhé Bliantúil ar Fhás 2014 go bhfuil orainn bheith níos dána chun na hathchóirithe is gá a dhéanamh le téarnamh eacnamaíoch buan rathúil a bhaint amach."

Léirítear sa Suirbhé sin an chaoi a bhfuil na Ballstáit ag dul in oiriúint do phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch a neartaíodh le deireanas faoin Seimeastar Eorpach, agus an chaoi a bhfuil siad ag obair níos fearr le chéile de réir comhrialacha.

Preaseisiúint - An Seimeastar Eorpach 2014: téarnamh a neartú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

An Seimeastar Eorpach (grafaic faisnéise) pdf - 7 MB [7 MB] Deutsch (de) English (en) français (fr)

Réamhaisnéis eacnamaíoch an AE: Téarnamh de réir a chéile, rioscaí seachtracha

Preaseisiúint faoin bpacáiste um fhaireachas buiséadach DeutschEnglishfrançais

Bileog eolais faoi mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtphleananna buiséadacha don limistéar euro DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links