Cosán nascleanúna

Réamhaisnéis gheilleagrach: Téarnamh de réir a chéile, rioscaí seachtracha - 05/11/2013

Déshúiligh ar bhord agus barraghraf © istock/RBFried

Bhí borradh faoi gheilleagar na hEorpa arís sa dara ceathrú den bhliain seo. Le cúpla mí anuas, tá dea-chomharthaí ann go leanfaidh an téarnamh.

Tá fás 0.5 % tuartha don dara leath de 2013 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2012 san AE. Ar bhonn bliantúil, táthar ag súil nach dtiocfaidh athrú ar an OTI san AE, agus go dtiocfaidh laghdú 0.4 % uirthi i limistéar an euro in 2013. Ag féachaint ar aghaidh, tá sé tuartha go méadóidh ar an bhfás de réir a chéile agus go sroichfidh sé 1.4 % san AE agus 1.1 % i limistéar an euro in 2014 (1.9 % agus 1.7 % in 2015).

Mar sin féin, ní léiríonn na figiúirí comhiomláin na difríochtaí suntasacha atá idir Ballstáit an AE.

Dé réir a chéile, is é éileamh intíre is mó a chuirfidh borradh faoin bhfás san Eoraip. I bhfianaise ionchais níos laige do gheilleagair mhargaidh atá ag teacht chun cinn an méid sin freisin.

Mar a deir Olli Rehn, Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais agus an euro: "Tá sé le feiceáil go bhfuil cor anois i gcinniúint gheilleagar na hEorpa. De bharr an chomhdhluthaithe fhioscaigh agus na n-athchóirithe struchtúracha a rinneadh san Eoraip, cruthaíodh bonn maith don téarnamh. Ach níl an bua faighte againn fós: ní féidir glacadh leis na leibhéil dífhostaíochta atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, caithfimid leanúint linn ag obair chun geilleagar na hEorpa a athchóiriú, ar mhaithe le fás inbhuanaithe agus chun poist a chruthú."

Dífhostaíocht

Is gnách nach bhfeictear forbairtí sa mhargadh saothair ach go dtí leathbhliain nó níos mós tar éis fhás an OTI, agus dá bhrí sin meastar gur de réir a chéile a chruthófar poist de thoradh théarnamh an gheilleagair. I mbliana, tá an leibhéal dífhostaíochta ard i roinnt tíortha agus tá na leibhéil fostaíochta ag laghdú i gcónaí. Le cúpla mí anuas, áfach, tá dálaí an mhargaidh saothair níos cobhsaí.

Is é an t-ionchas go dtiocfaidh laghdú réasúnta beag ar an dífhostaíocht go 10.7 % san AE agus 11.8 % i limistéar an euro faoi 2015. Ach tá bearnaí móra idir na tíortha éagsúla fós agus leibhéil na dífhostaíochta idir 5 % go 27 % i mbliana.

Boilsciú

Meastar go mbeidh maolú ar an mboilsciú ar phraghsanna do thomhaltóirí le linn thréimhse na réamhaisnéise. Meastar gur 1.5 % an ráta boilscithe a bheidh ann in 2013 agus in 2014. San AE, ionchas 1.7 % agus 1.6 % faoi seach a bheidh ann.

Maoiniú poiblí

Leanfaidh an laghdú ar easnaimh ghinearálta an rialtais. In 2013, meastar go dtitfidh na heasnaimh fhioscacha go 3.5 % den OTI san AE agus go 3.1 % i limistéar an euro. I gcomhréir leis na réamh-mheastacháin maidir le heasnaimh agus le fás, tá an cóimheas idir fiach agus OTI ag fás i gcónaí agus meastar go mbainfidh siad an t-uasmhéid amach in 2014 ag thart ar 90 % san AE agus isteach is amach le 96 % i limistéar an euro.

Preaseisiúint - réamhaisnéis fhómhair 2013 Téarnamh de réir a chéile, rioscaí seachtracha българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Réamhaisnéis fhómhair 2013 English (en)

Réamhaisnéis earraigh: i dtreo téarnaimh de réir a chéile

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links