Cosán nascleanúna

Tosca sóisialta a dhéanfar a mheas agus beartas eacnamaíoch á leagan amach - 07/10/2013

László Andor, Coimisinéir AE um fhostaíocht agus gnóthaí sóisialta, ag preasocáid.

Tá an AE ag iarraidh go mbeadh tionchar ag tosca sóisialta ar an bpróiseas socraithe buiséid.

Leis an bplean seo chruthófaí 'scórchlár' sóisialta chun na sonraí eacnamaíocha a mheastar i gcomhaontú na mbuiséad náisiúnta le rialtais an AE a chomhlánú.

Beidh 5 phríomhtháscaire ar an scórchlár:

  • dífhostaíocht
  • an ráta daoine óga nach bhfuil fostaithe, ná nach bhfuil faoi oideachas/oiliúint
  • ioncam diúscartha teaghlaigh
  • neamhionannas
  • innéacs faoi dhaoine atá i mbéal bochtainais

Sóisialta, seachas eacnamaíoch amháin

Faoin bplean, a lainseáladh an tseachtain seo chaite, beidh ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí níos rannpháirtí i gceapadh beartais eacnamaíoch.

Tá an togra ar cheann de na bearta a ceapadh chun rialachas eacnamaíoch a fheabhsú tar éis na géarchéime eacnamaíche.

Is freagairt an plean freisin ar chruinniú mullaigh an AE le déanaí inar comhaontaíodh nach mór don bloc 28 náisiún teacht ar bhealaí níos fearr chun faireachán a dhéanamh ar dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta.

Táthar ag súil, go mbeidh tionchar ag an bplé ar thoise sóisialta an chomhtháthaithe eacnamaíoch san Eoraip, ag an gcruinniú mullaigh ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Dul i ngleic le dífhostaíocht

Tá beagnach aon cheathrú de na daoine óga sa eurochrios gan phost, ach tá difríochtaí móra idir na rátaí óg-dhífhostaíochta ó thír go tír.

Is sa Ghréig atá an ráta is airde ag 62.9% agus is sa Ghearmáin atá an ráta is ísle ag 7.7%. Chun dul i ngleic leis seo, tá an AE ag iarraidh na costais is na constaicí a bhaineann le bogadh idir tíortha chun obair a fháil a laghdú.

Táthar ag súil, leis an scórchlár nua, go bhféadfar fadhbanna sóisialta ionchasacha a aithint go luath agus beart réamhghabhálach a dhéanamh.

Má thagtar ar chomhaontú laistigh de Pharlaimint na hEopa agus de rialtais an AE, beidh tionchar ag an scórchlár sóisialta ar chinnteoireacht eacnamaíoch ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.

Preas-eisiúint - Scórchlár sóisialta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Ceisteanna coitianta faoin scórchlár sóisialta DeutschEnglishfrançais

Straitéis um fhás na hEorpa

Gairm chun gnímh chun cuidiú le daoine gan phost

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links