Cosán nascleanúna

Caimiléirí cánach a ruaigeadh - 14/06/2013

Nótaí euro ar nuachtán agus an focal 'cáin' le feiceáil © iStock/code6d

Leis an togra seo, chuirfí le rialacha an AE ar mhalartú éigeantach faisnéise pearsanta airgeadais d'fhonn gach cineál ioncaim a chlúdach.

Is chun dochar dúinn ar fad calaois chánach agus imghabháil chánach. Nuair nach n-íocann daoine na cánacha is cóir dóibh a íoc, tá siad ag coinneáil ó na rialtais airgid a d'fhéadfaí a úsáid chun beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chur chun feidhme, rud a d'fheabhsódh an saol do shaoránaigh na dtíortha sin.

Bealach amháin a úsáideann caimiléirí cánach chun teacht timpeall ar cháin a íoc ná ioncam a thuill siad i dtír eile a cheilt ar údaráis na tíre ina bhfuil gnáthchónaí orthu, agus inar gnách dóibh cáin a íoc.

Déanann an AE iarracht cosc a chur leis an gcleachtas sin laistigh dá theorainneacha. De réir rialacha an AE atá ann faoi láthair, tá oibleagáid ar Éirinn agus ar na Ballstáit eile ar fad faisnéis a bhailiú i dtaobh an ioncaim atá á thuilleamh ag neamhchónaitheoirí sna críocha sin.

Ní mór d'údaráis na hÉireann an fhaisnéis sin a chur ar fáil d'údaráis na dtíortha sin san AE ina bhfuil cónaí ar na daoine sin ionas gur féidir cáin a ghearradh ar a n-ioncam. Ar an gcuma chéanna, ní mór dó thíortha eile an AE faisnéis faoi dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn a chur chuig Éirinn.

Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, áfach, ní chlúdaítear gach cineál ioncaim, agus tar éis iarratas ina thaobh sin a fháil ó thíortha an AE, ba mhaith leis an gCoimisiún an t-easnamh sin a réiteach.

Dá bhrí sin, ó 2015 amach, beidh ar thíortha faisnéis a mhalartú freisin ar ioncam daoine aonair a thuilleann siad óna bpoist, ó tháillí stiúrthóra, ó árachas saoil, ó phinsin agus ó mhaoin.

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún anois níos mó de na heasnaimh sin a réiteach trí mhalartú faisnéise a leathnú amach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska chun díbhinní, gnóthachain chaipitiúla, iarmhéideanna cuntais agus gach cineál eile ioncaim airgeadais a chlúdach.

Cur chuige coiteann idirnáisiúnta

Dá mb'ann do chaighdeán coiteann AE maidir le faisnéis chánach a mhalartú, ní bheadh meascán de chomhaontuithe déthaobhacha éagsúla ann ag tíortha éagsúla leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha eile lasmuigh den AE.

Chinnteofaí freisin go rachadh sé chun tairbhe gach tíre san AE an fhaisnéis bhreise sin a fháil. B'fhusa, leis na cánacha atá gan íoc sa bhaile a mheas agus a bhailiú.

Chomh maith leis sin, b'fhusa don AE dul i mbun caibidlíochta chun rialacha níos fearr a éileamh i dtaobh malartú faisnéise chánach ar leibhéal domhanda.

I mí na Nollag 2012, chuir an Coimisiún i láthair treoirphlean българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska inar leag sé síos cur chuige níos éifeachtaí ón AE i leith imghabháil chánach agus seachaint chánach. Leagtar béim sa phlean ar an ngá atá le malartú uathoibríoch faisnéise a chur chun cinn mar chaighdeán idirnáisiúnta.

Beidh an Coimisiún ag obair i gcomhar le tíortha an AE chun a chinntiú go seasfaidh an AE le chéile go láidir ar son caighdeáin idirnáisiúnta ag cruinniú mullaigh an G8 i mí an Mheithimh 2013, agus ag cruinniú mullaigh an G20 i mí Mheán Fómhair.

Tuilleadh eolas faoi imghabháil chánach agus faoi sheachaint chánach English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links