Cosán nascleanúna

Déanfaidh ceannairí an AE díospóireacht ar chomhtháthú eacnamíoch níos dlúithe - 13/12/2012

Ceannairí an AE

Feicfidh uachtaráin agus príomhairí an AE go bhfuil fís an Choimisiúin le haghaidh aontas eacnamaíoch, airgeadaíochta agus baincéireachta níos dlúithe ar an gclár nuair a thiocfaidh siad le chéile do chruinniú dheireadh na bliana sa Bhruiséil an 13 agus an 14 Nollaig.

Tar éis do na hairí airgeadais teacht ar chomhaontú go luath ar maidin an 13 Nollaig, iarrfar ar na ceannairí a chur in iúl go bhfuil siad i bhfabhar aontas baincéireachta, trína mbeadh maoirseacht dhíreach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar bhainc an limistéir euro.

Tá an t-aistriú cumhachta ó na rialtais náisiúnta go dtí an BCE ceadaithe cheana ag na hairí airgeadais náisiúnta. Má dhéanann an té atá i gceannas orthu – ceannairí an AE – an plean a fhormheas, d'fhéadfadh an córas a bheith in áit agus i bhfeidhm faoi Eanáir 2014.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach treoirphlean an AE le haghaidh aontas níos dlúithe DeutschEnglishfrançaisportuguês ar an gclár freisin. Seoladh an treoirphlean sin i mí na Samhna agus leagtar amach ann an tslí chuig comhtháthú iomlán eacnamaíoch, airgeadaíochta, buiséadach agus polaitíochta. Dá ndéanfaí comhordú breise sa réimse sin chinnteodh sé go ndéanfaí na freagairtí a thugtar ar fhadhbanna eacnamaíocha uile-AE a chomhordú agus go mbeadh siad níos éifeachtaí.

Iarrtar ar an AE 3 rud a dhéanamh sa tréimhse bliana go leith amach romhainn:

  • athchóirithe atá comhaontaithe cheana – nó ar tí a chomhaontú – maidir le rialachas eacnamaíoch agus buiséadach níos fearr a chur chun feidhme
  • teacht ar chomhaontú faoi rialacha chun teacht i gcabhair ar bhainc a bhfuil fadhbanna airgid acu
  • buiséad AE 2014-20 DeutschEnglishfrançais a cheadú.

Nuair a thabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso, a óráid os comhair cheannairí stáit agus rialtais an AE sa Bhruiséil, tabharfaidh sé chun cuimhne dóibh go dteastaíonn beart práinneach i dtaobh an treoirphlean sin.

Iarrfaidh sé ar thíortha an AE a n-athchóirithe a dhéanamh, agus ar na ceannairí cinntí a dhéanamh i dtaobh tionscnaimh thábhachtacha, ar nós aontas baincéireachta.

Iarrfaidh an tUachtarán Barroso ar cheannairí an AE teacht ar chomhaontú faoin tslí chuig aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Ba mhian leis an gCoimisiún go ndéanfaí an méid sin a chorprú i gconarthaí bunaidh an AE, sin le rá go moltar athruithe a dhéanamh ar na conarthaí sa treoirphlean. Aon socrú nua a bheadh ann, theastódh cothromaíocht a fháil idir an smacht agus freagracht eacnamaíoch agus an dlúthpháirtíocht.

Mínítear sa treoirphlean go bhfuil ar na tíortha a ghlacann le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta gníomhú níos tapa agus níos cinntithí ná an AE i gcoitinne, ach gan imeacht ó na beartais a dhéanann difear do na 27 mBallstát uile.

Sa chruinniú an 13 agus an 14 Nollaig rachfar i ngleic freisin le hiarratais ar bhallraíocht AE, le saincheisteanna an bheartais eachtraigh agus leis an gcosaint. Tá iarrachtaí ar siúl ag an gCoimisiún faoi láthair le hearnáil cosanta na hEorpa a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links