Cosán nascleanúna

Cniogbheartaíocht AE ar imghabháil cánach - 11/12/2012

Áireamhán agus spéaclaí ar thuarascáil airgeadais© iStockphoto

Cailltear thart ar €1 trilliún ar imghabháil agus ar sheachaint cánach gach bliain san AE. I bplean nua spreagtar rialtais na hEorpa le gníomhú i gcomhar le smacht a chur ar chuideachtaí agus ar dhaoine nach n-íocann a gcion.

Sa phlean gníomhaíochta le calaois & imghabháil cánach a throid българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska tá bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha le tabhairt faoin bhfadhb agus leis an airgead atá amuigh ar thíortha a fháil ar ais.

Molann an AE go dtosódh an feachtas le bearta in aghaidh tearmann cánach, agus in aghaidh na dteicniúlachtaí a úsáideann roinnt cuideachtaí le cánacha a sheachaint.

Ní hionann brí do thearmann cánach i ngach tír AE faoi láthair agus mar sin ní hionann a gcuid rialacha le haghaidh a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, is féidir aon idirbhearta a bhaineann le tearmainn chánach a threorú trí na tíortha a bhfuil an reachtaíocht is boige acu.

Má ghlactar leis an gcur chuige tearmainn chánach a aimsiú ar dtús - agus tabhairt fúthu ansin - stopfaí imghabhálaithe cánach ó bhuntáistí a bhreith ó dhifríochtai idir na córais náisiúnta.

Molann an AE go ndréachtódh tíortha liosta dubh d'áiteanna atá ina dtearmainn chánach. Comhartha láidir a bheadh ansin, agus d'fhéadfaí é a leanúint le hathrú ar aon chomhaontú cánach atá ann faoi láthair. Dhíspreagfadh sé sin lucht infheistíochta.

Ba cheart go neartódh tíortha an AE a gcuid coinbhinsiún um chánachas dúbailte - a choscann cáin a íoc sa dá thír ar chuideachtaí atá gníomhach i mbreis is tír amháin. Ach tá bealaí éalaithe a chuireann ar chumas roinnt cuideachtaí na coinbhinsiúin a mhí-úsáid le gan aon cháin a íoc.

Tharla méadú sa chineál sin imghabhála cánach - ar a dtugtar 'pleanáil ionsaitheach cánach' mar shofhriotal, agus sa phlean gníomhaíochta moltar slite le tabhairt faoi na teicniúlachtaí dlí a cheadaíonn a leithéid.

Má fhéachann tíortha le tabhairt faoin bhfadhb leo féin, tá baol ann go n-imeoidh cuideachtaí go tír eile. Ní mór freagairt uile-AE le bealaí éalaithe a dhúnadh agus le cinntiú nach mbeidh caillteanas airgeadais ar aon tír as aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Dhéanfadh an Coimisiún Eorpach faireachán ar na moltaí sin agus chuirfeadh sé brú ar thíortha ina mbíonn an dul chun cinn mall.

Cuirfear an plean chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig airí airgeadais an AE anois le formheas a fháil.

Idir an dá linn, beidh an Coimisiún ag obair ar thograí do thioscnaimh bhreise le dul in aghaidh na himghabhála cánach, lena n-áireofar:

  • Cód d'íocóirí cánach
  • Uimhir aitheantais cánach AE
  • Athbhreithniú ar fhorálacha frith-mhíúsáide i ndlí an AE
  • Treoirlínte le gluaiseachtaí airgid a rianadh.

Bearta AE in aghaidh calaoise & imghabhála cánach Deutsch (de) English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links