Cosán nascleanúna

Treoirphlean le haghaidh aontas níos dlúithe - 29/11/2012

Puzal de bhratach an AE agus píosa de ar lár, le solas ag teacht suas tríd an spás sin. © iStock/Eduard Härkönen

Treoraítear an bealach go dtí comhtháthú iomlán eacnamaíoch, airgeadaíochta, buiséid agus polaitíochta.

Ón tráth a thosaigh géarchéim an euro, tá bearta curtha i bhfeidhm ag an AE le ceangal eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe a chruthú idir na Ballstáit. Trí chomhordú níos dlúithe a dhéanamh beidh sé níos éasca do na rialtais a mbearta a chur ar aon líne le príomhdhúshláin eacnamaíocha an AE, agus tacú le hiarrachtaí borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht.

Ar na hiarrachtaí sin tá pacáiste de 6 rialachán AE English (en) lena bhfeabhsófar an faireachán agus an rialú a dhéantar ar bhuiséid agus ar fhiachas poiblí na mBallstát. Tá bearta eile ann lena ndéanfar iarracht breis faireacháin a dhéanamh ar thíortha atá sa limistéar euro a bhfuil an iomarca easnaimh ina mbuiséid.

I nDeireadh Fómhair 2012, tháinig ceannairí an AE ar chomhaontú cur leis an obair sin agus d'iarr siad tograí a dhéanamh le haghaidh aontas baincéireachta, aontas fioscach, aontas eacnamaíoch agus aontas polaitíochta.

plean pdf - 396 KB [396 KB] Deutsch (de) English (en) français (fr) português (pt) mionsonraithe ag an gCoimisiún anois ina leagtar amach na céimeanna éagsúla leis na spriocanna sin a bhaint amach. Beidh ar an AE an méid seo thíos a dhéanamh thar thréimhse 18 mí:

  • athchóirithe atá comhaontaithe cheana (nó ar tí a chomhaontú) maidir le rialachas eacnamaíoch agus buiséadach níos fearr a chur chun feidhme
  • rialacha coiteanna a leagan síos le teacht i gcabhair ar bhainc a bhfuil fadhbanna airgeadais acu – bheadh sé sin ina chomhlánú ar na tograí le haghaidh maoirseacht baincéireachta san AE
  • buiséad AE don tréimhse 2014-20 DeutschEnglishfrançais a fhormheas – a luaithe a dhéantar amhlaidh, ba cheart buiséad ar leith a chruthú a thacódh le Ballstáit na hathchóirithe eacnamaíocha a thabhairt chun críche.

Go ceann tréimhse 5 bliana, dhéanfadh an AE dul chun cinn breise maidir le beartais cánach agus fostaíochta a chomhordú. Bheadh buiséad coiteann ar fáil do Bhallstáit an limistéir euro le tacaíocht a thabhairt do na tíortha sin a bhfuil a ngeilleagair faoi bhrú.

D'fhéadfaí ciste 'fuascailte' a chruthú le tacú leis an mbuiséad sin le go bhféadfadh tíortha fiachais phoiblí mhóra a laghdú go leibhéal inmharthana. Bheadh ar na tíortha a bhainfeadh leas as na cistí rialacha diana a shásamh. D'fhéadfadh an limistéar euro eorabhannaí – bannaí le cistí a chruthú ar mhargaí caipitil – a eisiúint le chéile.

Tar éis 5 bliana, d'fhéadfadh an AE na chéad bhearta eile a dhéanamh le haontas iomlán baincéireachta, buiséid agus eacnamaíoch a chruthú, agus aontas polaitíochta ina dhiaidh sin. Leis na bearta deireanacha sin a dhéanamh, bheadh gá na conarthaí AE a mhodhnú agus theastódh breis cuntasachta daonlathais.

Is é atá sa phlean seo ionchur an Choimisiúin sna tograí ar aontas níos dlúithe, ábhar a bheidh faoi chaibidil ag ceannairí an AE le linn a gcruinnithe an 13-14 Nollaig.

I dteanna an treoirphlean, d'eisigh an Coimisiún suirbhé fáis 2013 pdf - 109 KB [109 KB] български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) eesti keel (et) ελληνικά (el) English (en) español (es) français (fr) italiano (it) latviešu valoda (lv) lietuvių kalba (lt) magyar (hu) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) suomi (fi) svenska (sv) . Cuireann sé sin tús leis an "seimeastar Eorpach", próiseas bliantúil 6 mhí ina dtéann rialtais an AE i gcomhairle le chéile lena mbeartais eacnamaíocha agus buiséid a chomhordú.

Treoirphlean AE le haghaidh aontas níos dlúithe Deutsch (de) English (en) français (fr) português (pt)

Suirbhé fáis 2013 an AE & tograí gaolmhara English (en)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links