Cosán nascleanúna

An bealach chun cinn do mhargadh aonair na hEorpa - 03/10/2012

Tograí nua le haghaidh comhtháthú breise eacnamaíoch idir thíortha an AE - chun leasa tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí.

Tacaíonn na tograí seo leis an gcéad sraith de 12 thosaíocht a aithníodh in 2011 leis an tslí a n-oibríonn an margadh aonair a fheabhsú.

Is bearta iad a chothóidh fás agus fostaíocht trí ligean do dhaoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal bogadh níos éasca ar fud an AE.

Chuideodh comhtháthú breise freisin borradh a chur le teacht ar ais an AE ón ngéarchéim airgeadais dhomhanda. Seo a leanas an tionchar a bheadh ag na tograí nua faoin nGníomh um an Margadh Aonair II English :

  • seirbhísí paisinéirí iarnróid intíre a oscailt d'iomaitheoirí ó thíortha eile san AE – caighdeán níos airde agus praghsanna níos ísle
  • nósanna imeachta casta riaracháin a bhaint d'earraí a iompraítear idir calafoirt san AE – iompar ar muir san AE a dhéanamh níos iomaíche sa rogha idir é agus iarnród, bóthar agus aer
  • luas a chur leis an dul chun cinn le haerspás na hEorpa bheith á bhainistiú ar leibhéal AE faoin Aerspás Eorpach Aonair Englishbreis sábháilteachta agus laghdú timpeall €5 billiún sa bhliain ar chostais aerlínte
  • na bearta atá ann a neartú le margaí fuinnimh intíre a oscailt – sábhail airgid suas le €13 billiún sa bhliain do thomhaltóirí
  • an fháil a bhíonn ag gnólachtaí ar mhaoiniú fadtéarmach a fheabhsú – tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus beaga
  • rialacha dócmhainneachta AE a leasú – an dara seans a thabhairt do ghnólachtaí agus d'fhiontraithe inmharthana
  • seirbhísí íocaíochta ar líne níos éifeachtúla – níos mó tomhaltóirí a mhealladh i dtreo na siopadóireachta ar líne
  • an costas ar idirlíon ardluais a shuiteáil a laghdú – níos éasca ceangal le seirbhísí leathanbhanda
  • caighdeán a chruthú do shonrascú leictreonach ceannachán rialtais – sábhail airgid suas le €1 billiún sa bhliain don earnáil phoiblí
  • rialacha sábháilteachta táirgí agus seiceálacha ag teorainneacha AE a fheabhsú – earraí fabhtacha agus contúirteacha a choimeád ón láthair tomhaltais
  • an ceart a bheith ag gach éinne bunchuntas íocaíochtaí a oscailt i mbanc, táillí cuntas bainc a bheith trédhearcach agus inchomparáide, agus é bheith níos éasca bogadh ó bhanc go banc.

Na chéad chéimeanna eile

Eagrófar Seachtain an Mhargaidh Aonair DeutschEnglishfrançais (15-20 Deireadh Fómhair) mar aitheantas ar scór bliain de chomhtháthú breise AE, agus pléifear na tograí nua in imeachtaí náisiúnta DeutschEnglishfrançais ar fud na hEorpa.

Iarrfaidh an Coimisiún ar cheannairí an AE agus ar Pharlaimint na hEorpa na tograí sonracha a ghlacadh mar thosaíocht faoin earrach 2014.

Margadh Aonair an AE – creat ginearálta beartais DeutschEnglishfrançais

An Gníomh um an Margadh Aonair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Scór bliain den mhargadh aonair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links