Cosán nascleanúna

4 dhuine aosta ag imirt chártaí © EU

Tá sé tuartha sa tuarascáil go mbeidh 65 bliain nó os a chionn ag beagnach aon trian de dhaonra na hEorpa in 2060, sin as daonra iomlán 517 milliún.

Sa tuarascáil English is déanaí ón AE faoin aosú, a foilsíodh inniu, tugtar le fios go bhfuil súil go dtiocfaidh athrú mór sna blianta amach romhainn ar phróifíl aoise an AE.

Cé go mbeidh an daonra iomlán beagán níos airde in 2060 (517 milliún, ardú ó 502 milliún in 2010), beidh sé i bhfad níos sine – meastar go mbeidh 30% den daonra 65 bliain nó os a chionn. Cé gur dul chun cinn mór atá ann, beidh dúshláin mhóra os comhair gheilleagair agus chórais leasa shóisialaigh na hEorpa.

Ar an taobh eile den scéal, dar ndóigh, beidh níos lú daoine in aois fostaíochta ar fáil – meastar go laghdóidh an céatadán den daonra idir 15 agus 64 bliain ó 67% go 56%. Is é a chiallaíonn sin, a bheag nó a mhór, go dtitfidh an coibhneas idir daoine infhostaithe agus pinsinéirí ó 4:1 go 2:1.

Meastar go mbeidh tionchar an-mhór ag na hathruithe déimeagrafacha sin ar an airgeadas poiblí san AE. Má thógtar na beartais reatha mar bhunús, meastar go dtiocfadh méadú 4.1 pointe céatadáin OTI ar chaiteachas poiblí a bhaineann go sonrach le haois (pinsin, cúram sláinte) ó 25% go timpeall 29% den OTI idir 2010 agus 2060. Meastar go méadóidh caiteachas na bpinsean ó 11.3% go beagnach 13% den OTI faoi 2060. Mar sin féin, léirítear sa tuarascáil go bhfuil an-éagsúlacht ann idir tíortha, rud a bhraitheann go mór ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir le hathchóiriú pinsean.

Mar thátal, dearbhaítear sa tuarascáil go mbeidh gá le gníomhaíocht dhaingean beartais chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.

Braitheann méid agus luas an aosaithe ar ionchas saoil, ar thorthúlacht agus ar imirce. Tá sé tuartha go dtiocfaidh ardú ó 76.7 bliain in 2010 go 84.6 in 2060 ar ionchas saoil na bhfear agus ardú ó 82.5 go 89.1 bliain ar ionchas saoil na mban. Meastar go dtiocfaidh ardú beag ar ráta torthúlachta an AE ó 1.59 breith ag gach bean in 2010 go 1.71 breith in 2060. Tá sé tuartha go mbeidh an glanráta imirce carnaithe chuig an AE cothrom le tuairim is 60 milliún idir seo agus 2060.

Tuilleadh faoi chur chuige an AE i leith aosú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

An Bhliain Eorpach don Aosú Gníomhach 2012

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links