Cosán nascleanúna

Réamhaisnéis an earraigh: téarnamh geilleagrach níos moille - 11/05/2012

Déshúiligh sna lámha ar thábla le barra-chairt © istock/RBFried

Meastar go bhfuil mionchúlú eacnamaíoch ann faoi láthair i ngeilleagar an AE. Ach tá téarnamh níos moille tuartha ón dara leath den bhliain.

De réir réamhaisnéis an earraigh English a foilsíodh an 11 Bealtaine, tá súil go mbeidh OTI iarbhír an AE ina stad i mbliana agus go gcrapfaidh sí beagán i limistéar an euro. Mar sin féin, tá an teannas sna margaí airgeadais laghdaithe beagán de bharr na mbeart a rinne an AE chun tabhairt faoin ngéarchéim fiachais. Má éiríonn le hinfheisteoirí agus tomhaltóirí méid áirithe muiníne a fháil ar ais, tá súil go dtiocfaidh feabhas de réir a chéile ar an éileamh intíre.

Meastar go dtiocfaidh méadú ar an bhfás sa dara leath de 2012 agus go dtiocfaidh borradh faoi in 2013. Tá sé tuartha go mbeidh OTI ina stad san AE agus go gcrapfaidh sí 0.3% i limistéar an euro an bhliain seo, ach go méadóidh sí 1.3% san AE agus 1.0% i limistéar an euro in 2013.

Dá dheasca sin, is leochaileach fós atá rudaí agus ní bheidh an luas céanna téarnaimh ann ar fud Bhallstáit an AE, i ngeall ar dhúshláin éagsúla struchtúir, costais mhaoinithe éagsúla agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Ar an iomlán, ba cheart go ndéanfadh an toradh fáis a bhfuil súil leis dálaí an mhargaidh saothair a éascú in 2013. Beidh roinnt ama de dhíth, áfach, sula dtabharfar an méid sin faoi deara sa ráta dífhostaíochta; meastar go bhfanfaidh an ráta cothrom le 10.3% san AE agus 11% i limistéar an euro in 2012 agus 2013.

Ainneoin laghdú aschuir a bheith ann feadh 2011, tháinig feabhas mór ar an airgeadas poiblí san AE. Tá súil go laghdóidh na heasnaimh bhuiséid tuilleadh in 2012 agus 2013.

Tá súil go dtiocfaidh moill de réir a chéile ar an mboilsciú agus go dtitfidh sé faoi 2% in 2013.

Tuilleadh faoi réamhaisnéisí ar gheilleagar an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links