Cosán nascleanúna

Comórtas Ghlúin 1992 mar chomóradh ar 20 bliain de mhargadh aonair an AE - 23/04/2012

Na daoine a rugadh i 1992, cuirigí físeáin, grianghraif, cartúin, aistí nó aipeanna fóin chliste isteach faoi céard a chiallaíonn margadh aonair an AE do bhur nglúinse. An 9 Meán Fómhair an sprioc.

A bhuíochas do mhargadh aonair na hEorpa tig linn taisteal, staidéar, obair, maireachtáil agus siopadóireacht a dhéanamh in aon tír gan mórán stró.

Trí na céadta bacainn theicniúil, dhlíthiúil agus mhaorlathach a bhaint, cuireadh borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus cruthaíodh beagnach 2.8 milliún post nua le 20 bliain anuas.

Is spéis leis an gCoimisiún scéal na ndaoine a d'fhás suas sa mhargadh aonair seo a chloisteáil; an fáth a bhfuil comórtas á eagrú do dhaoine a rugadh i 1992.

Is féidir leat do thuairimí agus do thaithí a roinnt linn faoin tionchar atá aige ar do shaol. Cruthaigh físeán nó aip fóin chliste, nó seol grianghraif, cartúin nó aiste a bhaineann le ceann de na hábhair seo thíos:

  • oideachas agus saoránacht
  • poist agus fiontraíocht
  • cultúr agus fóillíocht
  • tomhaltóirí agus an comhshaol

Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh – ní theastaíonn grianghrafadóir ná ealaíontóir den scoth. Is féidir go leor nodanna praiticiúla a fháil ar shuíomh gréasáin Ghlúin 1992 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Táimid ag lorg iarratas a léiríonn an tuiscint atá agat ar an margadh aonair – cad a chiallaíonn sé duitse, agus cad a bhfuil súil agat leis sa todhchaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir suas le 2 iarratas a chur isteach, uait féin nó i ngrúpa, fad is atá siad in dhá fhormáid éagsúil.

An 9 Meán Fómhair an sprioc. Ach ná bíodh moill ort! Beidh crannchur míosúil ann roimh an sprioc do na hiarratais a bheidh faighte.

Roghnóidh na moltóirí 20 iomaitheoir a bhuafaidh turas chuig an searmanas bronnta sa Bhruiséil Mí Dheireadh Fómhair lena nduaiseanna българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a bhailiú - ticéid iarnróid uile-Eorpacha, ceamaraí digiteacha, iPodanna agus dearbháin siopadóireachta.

Eagrófar an searmanas le linn comhdhála sa Bhruiséil (15-20 Deireadh Fómhair) ina bpléifear bealaí nua chun ceantar saorghluaiseachta na hEorpa a fhorbairt.

Tá tograí breise á mbeartú ag an gCoimisiún leis na bacainní atá ann fós ar shaorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus earraí san Eoraip a bhaint. Beidh na tograí mar chomhlánú ar 12 bheart tosaíochta DeutschEnglishfrançais a mhol an Coimisiún in Aibreán anuraidh.

Féach suíomh gréasáin Ghlúin 1992 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska, nó lean an comórtas ar Facebook English nó ar Twitter

Tuilleadh

20ú bliain ó bunaíodh margadh aonair an AE DeutschEnglishfrançais

Comhtháthú eacnamaíoch an AE DeutschEnglishfrançais

An Gníomh um an Margadh Aonair Eorpach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links