Cosán nascleanúna

Carr a chlárú i dtír eile - turas réidh romhat - 10/04/2012

Tul-solas agus bóthar © iStock/Olaru Radian-Alexandru

Rialacha caighdeánacha AE um chlárú a d'éascódh is a dhéanfadh níos saoire é le feithiclí a thabhairt go tír eile san AE.

Bíonn dua nach beag ag baint le plátaí nua clárúcháin a fháil do charr is tú ag bogadh go tír nua. Is minic a bhíonn nósanna imeachta casta um chlárú roimh thiománaithe, ach níor cheart dó bheith chomh deacair sin.

Aithníodh an fhadhb mar cheann de phríomh-ábhair imní English na nEorpach is iad ag dul to tír eile san AE chun cónaithe, oibre, taistil nó siopadóireachta.

Mar fhreagairt, tá comhshraith rialacha clárúcháin á moladh ag an gCoimisiún d'fheithiclí a bhogtar go buan thar teorainneacha náisiúnta laistigh den AE. Shimpleoidís sin na nósanna imeachta le clárú, is laghdóidís an rómhaorlathas is na costais.

Measann an Coimisiún go gcoigleofaí €1.45 billiún sa bhliain ar ghnóthais, ar thiománaithe is ar údaráis chlárúcháin má dhéantar dlí den bheart DeutschEnglishfrançais . Dhéanfadh sé:

  • na deasghnátha a laghdú le carranna, veaineanna, busanna is leoraithe a athchlárú nuair a théann tiománaithe chun cónaithe i dtír eile san AE - bheadh 6 mhí acu, leis, lena gcarranna a athchlárú
  • riachtanais ar thástálacha breise a dhíothú maidir le hinbhóithreacht, is le nósanna imeachta do dhaoine a cheannaíonn nó a dhíolann carr athláimhe i dtír eile san AE
  • a chinntiú do dhaoine atá obair i dtír eile san AE is a úsáideann carr cuideachta a chláraigh a bhfostóir ansin, nár ghá dóibh é a chlárú ina dtír féin freisin feasta
  • aon riachtanais athchlárúcháin a chealú do thiománaithe a chaitheann cuid den bhliain i dteach saoire i dtír eile san AE
  • a cheadú do chuideachtaí carranna ar cíos carranna a aistriú go tír eile AE le linn saoire gan a bheith orthu iad a athchlárú.

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór go bhformheasfadh rialtais an AE agus Parlaimint na hEorpa an beart chun dlí a dhéanamh de.

Níos déanaí i mbliana, tá faoin gCoimisiún rialacha AE faoi chlárú carranna is faoi chánacha bóthair a shoiléiriú. Fairis sin, déanfaidh sé moltaí ar shlite le cánachas dúbailte ar charranna aistrithe a sheachaint agus le baic ar charranna a tógadh ar cíos thar an teorainn a dhíchur.

Táid uile ina gcuid de shraith tograí DeutschEnglishfrançais atá á déanamh ag an gCoimisiún le cabhrú le daoine a gcearta mar shaoránaigh AE a fheidhmiú níos fearr.

Mar shampla, rinne an Coimisiún togra chun an ceart ar chosaint chonsalach thar lear DeutschEnglishfrançais a neartú. I gceann eile moltar slite chun fadhbanna le cáin oidhreachta thrasteorann DeutschEnglishfrançais a réiteach.

Breis faoi do chearta mar shaoránach AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links