Cosán nascleanúna

Creidmheas seach-bhainc: gá le breis rialála? - 22/03/2012

Carn monaí euro ©AE

D'iasachtaithe, malairt bhisigh don bhaincéireacht thraidisiúnta í - do dhaoine eile, bagairt ar chobhsaíocht airgeadais is ea í - tá do thuairimí ar 'scáth-bhaincéireacht' ón gCoimisiún.

Meántaigh idir lucht infheistíochta is iasachtaithe is ea aonáin scáth-bhaincéireachta de ghnáth. Tugann siad creidmheas is leachtacht ach ní ghlacann siad le taiscí ar nós na ngnáth-bhanc. Mar sin, ní bhíonn siad faoi réir na rialachán céanna is a bhíonn an chuid eile d'earnáil na baincéireachta.

Ar fud an domhain, measadh gurbh ionann an córas scáth-bhaincéireachta agus thart ar €46 trilliún in 2010, rud a b'ionann is 25-30% den chóras iomlán airgeadais.

Chun leithéid na géarchéime airgeadais reatha a sheachaint feasta, tá an AE ag cur leasuithe rialála i bhfeidhm ar fud na hearnála airgeadais, is go háirithe sna bainc. Agus scáth-bhaincéireacht ag fás mar atá, faoi easpa maoirseachta, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska le tuiscint a mhéadú ar a mbíonn ar siúl ag scáth-bhaincéireacht, agus cén rialáil nó cén mhaoirseacht ba chuí.

Ar aonáin is ar ghníomhaíochtaí scáth-bhaincéireachta áirítear:

  • Cistí Mhargadh an Airgid is cineálacha eile cistí infheistíochta nó táirgí a bhfuil gnéithe taiscí acu
  • Cistí infheistíochta a thugann creidmheas nó giaráil, amhail cistí fálaithe
  • Cuideachtaí airgeadais is aonáin urrús a thugann creidmheas nó ráthaíochtaí creidmheasa
  • Gnóthais árachais nó ath-árachais a eisíonn táirgí creidmheasa nó a ráthaíonn iad
  • Idirbhearta ar chomhaontuithe d'athcheannach agus d'iasachtú urrús is ar urrú

Tugann a leithéid de ghníomhaíochaí foinsí breise maoinithe agus malartú ar thaiscí banc. Fairis sin, tugann siad éagsúlú priacal ar shiúl ón gcóras baincéireachta.

Ach bíonn aonáin dá leithéid faoin aon-bhaol le bainc, gan an líon sábháilteachta a thugann rialáil is maoirseacht. Is minic gur cistiú gearrthéarmach a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí, rud is féidir le cliantaí a aistarraingt aon uair.

Trí rialáil na ngnáthbhanc a sheachaint, uaireanta spreagann scáth-bhaincéireacht 'rás go tóin' laistigh den chuid eile den chóras airgeadais - bíonn comhlachtaí eile airgeadais ag brú gníomhaíochtaí áirithe lasmuigh de raon na rialála.

Úsáideann cuid de na bainc infheistíochta an córas scáth-baincéireachta cheana féin. Bíodh go mbíonn a bpríomh-ghníomhaíochtaí faoi réir rialála is maoirseachta, ní bhíonn idirbhearta scáth-baincéireachta infheicthe ag rialálaithe. Agus na rialálaithe ag iarraidh maoirseacht laistigh den chóras airgeadais a neartú, tá imní gur mó an gnó a bhogfaidh go scáth-baincéireacht.

Ar chúig réimse a dhírítear sa chomhairliúchán: rialáil baincéireachta, rialáil ar bhainistiú sócmhainní, iasachtú urrús/comhaontuithe ar athcheannach, urrú agus aonáin eile scáth-baincéireachta.

Úsáidfidh an Coimisiún toradh an chomhairliúcháin lena chinneadh - fara údaráis mhaoirseachta airgeadais eile an AE - cé na bearta is cuí ag leibhéal an AE.

Tá cuireadh ag páirtithe leasmhara a dtuairimí a nochtadh faoi 1 Meitheamh 2012.

Tionólfar comhdháil faoi rialáil laistigh den chóras scáth-bhaincéireachta sa Bhruiséil an 27 Aibreán.

Breis faoi scáth-baincéireacht is faoi chomhdháil Aibreáin DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links