Cosán nascleanúna

Ullmhú don téarnamh geilleagrach - 13/01/2011

Fir agus míreanna mearaí euro á socrú acu © iStock/lonely snail design

Tuarascáil a leagann amach 10 dtosaíocht chun tabhairt faoi phríomhdhúshláin gheilleagracha an Aontais, chun an chéad 'seimeastair Eorpaigh' riamh a sheoladh.

An suirbhé bliantúil ar fhás DeutschEnglishfrançaisPDF, sin an chéad chéim i gcóras nua le cabhrú le rialtais náisiúnta chun a bhfreagairtí ar phríomhdhúshláin gheilleagracha an AE a chomhordú níos dlúithe.

Is cuid é den 'seimeastar Eorpach' nua, timthriall blantúil sé mhí ina dtig le rialtais tairbhe a bhaint as ionchur na rialtas eile AE agus iad ag cumadh a mbeartas buiséid agus geilleagrach. An comhar faoi bheartas geilleagrach ó thús, éascóidh sé comhspriocanna agus tabhairt faoi chomhábhair scime do thíortha an AE.

Aithníonn an suirbhé 10 dtosaíocht ar cheart do thíortha an AE díriú orthu chun treisiú leis an ngeilleagar agus fostaíocht a ardú de réir chomhaontú cobhsaíochta agus fáis българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an AE agus a straitéise nua d'fhás is do phoist, Eoraip 2020 English . Orthusan tá daoine dífhostaithe a chur ar ais ag obair, córais phinsin a leasú, fiachas poiblí a smachtú agus lán-úsáid gheilleagar imeasctha na hEorpa a chur chun cinn.

Na chéad chéimeanna eile don seimeastar Eorpach

Márta - rialtais an AE le haontú faoi thosaíochtaí geilleagracha, ar bhonn an tsuirbhé.

Aibreán - rialtais an AE chun straitéisí buiséid na bliana dar gcionn a chur faoi bhráid an Choimisiúin, chun a luachála.

Meitheamh agus Iúil - Comhairle na hAirí AE (atá ionadaíoch ar rialtais an AE) le comhairle a chur chuig gach tír faoi léas na luachála sin agus le comhairle beartais a thabhairt i dteannta leis an gComhairle Eorpach sula gcríochnóidh tíortha a mbuiséid mar is gnách tríd a bparlaimintí náisiúnta.

Léirigh suirbhé EnglishPDF ar fud an AE gur dóigh le 77% na nEorpach go gcabhródh comhar níos treise idir na ballstáit faoi bheartais gheilleagracha is fhioscacha chun an ghéarchéim gheilleagrach a chomhrac.

Breis eolais faoin seimeastar Eorpach English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links