Cosán nascleanúna

Bainfidh Eorpaigh agus gnóthais tairbhe as comhar breithiúnach níos láidre - 14/12/2010

Mapa den Eoraip le sluaite daoine sa chúlra © AE

Déanfaidh bearta nua dlíthíocht thrasteorann níos saoire agus níos éasca do chuideachtaí, agus laghdóidh siad riarachán do dhaoine atá ag maireachtáil, atá ag obair agus atá ag taisteal i dtíortha eile san AE.

Ba mhaith leis an gCoimisiún saol saoránach a oibríonn, a thaistealaíonn nó a bhogann chuig tír eile san AE a dhéanamh níos éasca agus tá sé ag bailiú a gcuid tuairimí English faoi conas is féidir na socruithe reatha a fheabhsú.

Ba é rogha amháin foirmeacha a thabhairt isteach ar fud na hEorpa do na cáipéisí stádais shibhialta is coitianta, ar nós teastais bhreithe. Ba é ceann eile ná a chinntiú go n'aithneofaí foirmeacha dá leithéid go huathoibríoch in aon tír san AE. Ní rachadh athrú dá leithéid i bhfeidhm ar chórais dhlíthiúla tíortha aonair.

Tá córais riaracháin difriúla sna 27 tír san AE. Ciallaíonn sé sin nach n-aithnítear cáipéisí poiblí (ar nós conradh nó gníomhas maoine) agus cáipéisí stádais shibhialta (lena n-áirítear teastais phósta agus bhreithe) i gcónaí taobh amuigh den tír ina n-eisíodh iad.

Is minic a bhíonn próiseas ró-dhian mar thoradh air do na 12 milliún duine atá ag maireachtáil i dtír san AE seachas a dtír féin. Má tá aistriúchán nó cruthúnas stádais breise ag teastáil, is féidir cáipéisí a aithint a bheith costasach. Léirigh suirbhé le déanaí Englishfrançais tacaíocht d'athrú - dúirt 73% d'fhreagróirí gur chóir bearta a ghlacadh chun scaipeadh cáipéisí poiblí idir thíortha an AE a fheabhsú.

Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí 30 Aibreán, agus tabharfar barúlacha san áireamh nuair a ullmhófar moltaí do dhlíthe nua in 2013.

Bainfidh gnó tairbhe as chomh maith. Ghearrfadh molta nua costais dhlíthiúla cuideachta ar mhaith léi breithiúnas dlíthiúil a bheith aitheanta i dtír eile san AE.

Mar shampla, má agraíonn cuideachta Shualannach cuideachta Ghearmánach d'íocaíocht dhéanach, ceadaíonn dlíthe an AE danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska cheana rialú cúirte a dhéantar i dtír amháin a aithint agus a chur i bhfeidhm go hiomlán i dtír eile. Ach má thugann an chúirt rialú i bhfabhar na cuideachta Sualannaí, chaithfeadh sí suas go €3 000 a íoc i gcostais dhlíthiúla ionas go n-aithneofaí an rialú sa dá thír. Is ualach é an caiteachas breise sin.

Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh deireadh a chur leis an riachtanas sin, a chosnaíonn gnóthais timpeall €48 milliún gach bliain. Thairgfeadh na rialacha nua cosaint mhéadaithe chomh maith do thomhaltóirí Eorpacha a bhfuil páirt acu i ndíospóidí le páirtithe i dtíortha lasmuigh den AE.

Comhairliúchán faoi cháipéisí a aithint English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links