Cosán nascleanúna

A lán tíortha, margadh amháin - 28/10/2010

Rialacha nua do mhargadh aonair an AE a éascóidh cónaí agus gnó aon áit san Eoraip.

Cloch bhoinn de chuid an AE is ea an margadh aonair. Bunaíodh é ionas go bhféadfadh daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal gluaiseacht go saor ar fud an Aontais Eorpaigh.

Ach bíonn bearnaí fós idir na rialacha agus a mbíonn roimh dhaoine agus iad ag oibriú nó ag bogadh thar an teorainn. Nocht an Coimisiún dhá shraith gníomhuithe d'fhonn a chinntiú go leanfaidh an margadh aonair ag feabhsú shaol na ndaoine agus ag cur le cumas iomaíochta gheilleagar an AE.

Simpleoidh Gníomh an Mhargaidh Aonair English an saol do mhionghnóthais, arb ionann iad agus 99% de chuideachtaí na hEorpa, is cabhróidh sé chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna na ndaoine agus iad ag taisteal, ag staidéar, ag pósadh nó ag ceannach tí nó cairr i dtír eile san AE.

Ar na 50 gníomhú ar an margadh aonair tá:

  • rochtain níos fusa ar mhaoiniú a thabhairt do mhionghnóthais, trí rialachta cuntasaíochta a shimpliú agus rochtain ar chonarthaí poiblí a fheabhsú
  • fiontraíocht shóisialta a chothú chun rochtain ar bhia, ar thithíocht, ar chúram sláinte, ar phoist is ar bhanc-sheirbhísí a fheabhsú
  • a chinntiú go bhféadfaidh sealbhóirí cóipchirt, ina measc ealaíontóirí, a saothar a dhíol ar fud an AE chun treisiú le tráchtáil ar líne
  • an rómhaorlathas a laghdú trí cháilíochtaí gairmiúla a aithint ar fud an AE, trí chártaí aitheantais gairmiúla a thabhairt isteach

Sna trí bliana romhainn, ar an dara sraith 25 gníomhú a éascóidh saol na saoránach Eorpach, tá:

  • cearta turasóirí is paisinéirí a neartú trína gcosaint má éiríonn a soláthróir taistil féimheach, nó má chealaítear nó má chuirtear moill ar eitilt, mar shampla
  • cabhrú le tomhaltóirí agus fadhbanna acu le gnó i dtír eile, trí shocruithe tapa, saora, lasmuigh den chúirt
  • ráthaíochtaí a thabhairt do lánúnacha idirnáisiúnta faoi cé na dlíthe tíre a bhaineann leis an teach nó leis na cuntais bainc atá i bpáirt acu
  • malartú leictreonach a thabhairt isteach, a cheadóidh d'oibrithe a gcearta leasa shóisialta a aistriú go tír eile
  • an nós imeachta a shimpliú chun carr a ceannaíodh i dtír eile san AE a chlárú.

Breis faoi mhargadh aonair an AE DeutschEnglishfrançais

Breis faoi chearta na saoránach san AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links