Cosán nascleanúna

Cáin ar an earnáil airgeadais - 07/10/2010

Lámh is peann inti ag díriú ar chairt trádála ar scáileán LCD © iStock/cartlanna

Chabhródh cánacha domhanda agus AE ar earnáil an airgeadais chun dúshláin idirnáisiúnta a mhaoiniú, amhail forbairt nó athrú na haeráíde is chun iarsmaí na géarchéime domhanda geilleagraí a shocrú.

Dhá chineál cánacha atá sa togra. An chéad cheann - ag leibhéal an AE - sin cáin ar ghníomhaíochtaí airgeadais in earnáil airgeadais an AE, agus an ceann eile, cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais.

Toisc gurb iad na bainc agus cuideachtaí eile um sheirbhísí airgeadais ba phríomhchúis leis an ngéarchéim, is go bhfuair siad tacaíocht mhór rialtais le dhá bhliain anuas, slí a bheadh sa cháin le tabhairt orthu a gcion cothrom féin de chostas an téarnaimh a íoc.

Is lú na cánacha a íocann earnáil an airgeadais i gcomparáid le deighleoga eile den gheilleagar. Mar shampla, tá díolúine ó CBL ag cuid mhaith banc agus faigheann siad tairbhí fabhracha eile. Chinnteodh ioncam na cánach go n-íocfaidís a gcion féin le buiséid phoiblí.

Thairis sin, slí eile chun ioncam nua a ghiniúint a bheadh i gcáin idirnáisiúnta ar thrádáil airgeadais. D'úsáidfí é sin chun beartais dhomhanda a mhaoiniú, amhail cúnamh forbraíochta nó chun athrú na haeráide a chomhrac.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheadh ag a léithéid de cháin ar an ngeilleagar.

Déanfaidh rialtais an AE an dá rogha a mheas roimh an gcéad chruinniú mullaigh eile de na geilleagair is saibhre ar domhan (G20) i mí na Samhna, áit a dtabharfar comhsheasamh an AE ar aird.

Breis faoi chánachas san AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links