Cosán nascleanúna

Rialacha níos déine faoi easnaimh rialtas - 29/09/2010

Pailléad nótaí 5 euro @ AE

Mar fhreagrairt ar an ngéarchéim airgeadais, chuir an Coimisiún tograí reachtaíochta ar aghaidh chun cur leis na huirlisí atá ann chun beartas geilleagrach is fioscach an AE a chomhordú.

Tá faoi na tograí an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska (SGP) a neartú - go háirithe trí fhócas méadaithe ar fhiachas poiblí is ar inbhuanaitheacht fhioscach - faireachán a leathnú chuig éagothroimí maicreacnamaíochta agus an cur i bhfeidhm a dhéanamh níos éifeachtaí trí smachtbhannaí agus dreasachtaí.

Níor ghá athruithe i gConradh an AE do na tograí, ach ba ghá formheas na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa.

Faireachán ar leibhéil an fhiachais phoiblí

Chun a chinntiú níos fearr go gcloífidh tíortha le riail an SGP nár cheart go rachadh fiacha thar 60% a OTI, chuirfí tagarmharc ag oibriú chun fiacha a laghdú. D'fhéadfaí ballstáit AE a raibh cóimheas fiachais os cionn 60% den OTI acu a chur faoi "nós imeachta rófhiachais" d'éis taifeach a dhéanamh ar thosca éagsúla a théann i gcion or mhianach an fhiachais agus ar ionchais na tíre feasta.

Creataí fioscacha náisiúnta a neartú

Fairis sin, molann an Coimisiún go neartófaí creataí fioscacha náisiúnta is gur fearr a chuirfí de réir rialacha nua rialachais iad. Sna leasuithe d'áireofaí cuntasaíocht chomhsheasmhach a chinntiú, rialacha fioscacha náisiúnta a chur de réir oibleagáidí an Chonartha AE, athrú chuig pleanáil buiséid ilbhliantúil agus a áirithiú go gcumhdaíonn an creat fioscach córas iomlán airgeadais an rialtais.

Éagothroimí maicreacnamaíochta a cheartú is a chosc

Ceachy eile a foghlaimíodh ón ngéarchéim, nár cheart beartas fioscach a mheas ina aonar. Dá bhrí sin, bheadh measúnachtaí rialta agus sás foláirimh mar chuid d'fhaireachán feabhsaithe leathan chun éagrothroimí móra is dibhéirseachtaí leanúnacha iomaíochta a sheachaint. Ach an foláireamh a bheith tugtha, dhéanfadh an Coimisiún taifeach ar an tír sin agus moltaí don Chomhairle conas tabhairt faoi na héagrothoimí. Fairis sin, d'fhéadfadh sé rabhadh luath a thabhairt go díreach don tír féin. I gcásanna tromchúiseacha áirithe, d'fhéadfadh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí ballstát i "riocht ró-eagothroime", rud a tharraingeodh faireachán níos déine nó gníomhú ceartúcháin.

Fiacla don chur i bhfeidhm

Dlúthchuid de na tograí is ea cur i bhfeidhm níos treise, fara sraith smachtbhannaí céimseacha do thíortha neamh-ghéilliúla. Thiontófaí éarlaisí gan ús ina bhfíneálacha i gcásanna ina leanfaí leis an neamh-ghéilleadh.

Breis faoi rialachas geilleagrach an AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links