Cosán nascleanúna

An Eastóin chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir - 15/07/2010

Jyrki Katainen, Jürgen Ligi, Olli Rehn, Didider Reynders, Siim Kallas, Franc Križanic © EU

Faigheann an tír Bhaltach an cead deiridh ó na hairí airgeadais d'éis solas glas a fháil ón bparlaimint, ón mbanc ceannais is ó institiúidí eile AE.

Críochnaíonn an cinneadh sin próiseas formheasta a thosaigh i mBealtaine nuair a d'aithin an Comisiún gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha uile chun an comhairgeadra Eorpach a ghlacadh.

Athróidh an Eastóin ón krooni an 1 Eanáir, is beidh sí ar an 17ú tír a tháinig isteach i limistéar an euro.

Tiocfaidh sí isteach go láidir, le deachuma ar a hairgeadas poiblí. Bhí easnamh buiséid 1.7% OTI ag an Eastóin anuraidh, go maith faoi bhun theorainn 3% an AE. Bhí fiacha an Rialtais íseal freisin - gan ach 7.2% an OTI.

Tá an geilleagar an-solúbtha agus, bíodh is ná fuil imdhíonacht ar ghéarchéim aige, tá a cumas léirithe aige le 20 bliain, nach mór, oibriú is coigeartú faoi ráta socair malairte.

Ní hé glacadh an euro deireadh an aistir, ámh. Mar thír den limistéar euro, beidh ar an Eastóin leanúint le beartais a thacaíonn le fás is a chuireann srian le baol an ró-éilimh intíre.

Sna míonna romhainn, oibreoidh an Coimisiún is an Banc Ceannais Eorpach go dlúth leis an Eastóin chun athrú réidh a chinntiú. Mar chuid den ullmhú tá feachtas faisnéise chun an t-airgead nua a chur in aithne do na hEastónaigh.

Is i 1999 a thosaigh saol an euro mar airgead fíorúil chun críocha cuntasaíochta is íocaíochtaí gan airgead tirim. Cuireadh na boinn is na nótaí bainc i gcúrsaíocht trí bliana níos déanaí.

Lena daonra 1.2 milliún, méadóidh an Eastóin daonra an euro go 330 milliún. Tíortha eile a ghlac le blianta beaga anuas é ab ea an tSlóvaic in 2009, an Chipir agus Málta in 2008 agus an tSlóivéin in 2007.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links