Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Moltaí chun sealbhóirí banc-chuntais is infheisteoirí miondíola a chosaint, is chun scéimeanna comhchosúla do pholasaithe árachais a bhunú.
Mhol an Coimisiún rialacha nua inniu chun cosaint níos fearr a thabhairt do chustaiméirí banc, do ghnóthais infheistíochta nó do chuideachtaí árachais i bhféimheacht - mar chuid den iarracht chun muinín a thabhairt ar ais sna seirbhísí airgeadais.
Sa phacáiste ![]()
![]()
tá an chuid is déanaí de mholl reachtaíochta AE de dheasca na géarchéime airgeadais, a bhfuil faoi an tionscal a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí.
Baineann cuid amháin le dlí AE a cheanglaíonnn ar thíortha scéimeanna maoinithe a bhunú chun lucht taisce a aisíoc nuair a theipeann ar bhainc agus a éilíonn íos-ráthú.
Mhéadaigh an AE an íosmhéid anuraidh ó €20,000 go €50,000 i bpróiseas dhá chéim a shocróidh an clúdach ag €100,000 faoi dheireadh na bliana.
Sheachnódh an ráthú níos airde rití banc a tharlaíodh nuair a bhogadh custaiméirí a dtaiscí go tíortha ina mbíodh clúdach níos fearr - mar a tharla in 2008 sna chéad seachtainí scaollmhara den ghéarchéim san Eoraip.
Shocródh na rialacha nua spriocanna ama níos déine chun lucht taisce a aisíoc. Bíonn trí mhí ag na bainc faoi láthair. Aisíoc laistigh de sheachtain ó theip an bhainc atá ón gCoimisiún - mar atá i SAM.
Tá faoi mholadh eile imní a ísliú faoi dhóthain maoine a bheith ag scéimeanna náisiúnta chun taiscí a ráthú. D'íocfadh na bainc isteach sna scéimeanna go rialta, agus ba mhó na híocaíochtaí do na bainc is priaclaí. Dá mba ghá, d'fhéadfadh scéimeanna iasachtaí a fháil óna chéile.
Níl an dlí athbhreithnithe teoranta do theaghlaigh, ach leathnódh sé an clúdach do ghnóthais, ná cuimsítear i gcuid de na scéimeanna náisiúnta. Fairis sin, cheadódh sé aisíoc in airgeadraí eile.
Teastaíonn ón gCoimisiún go mbeadh athruithe mar sin i scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí. Tugann na scéimeanna sin cosaint ó chalaois, ó mhíchleachtais is ó fhadhbanna le córais oibríochta - ach ní ó phriacal infheistíochta.
D'ardófaí an cúiteamh is iníoctha d'infheisteoirí ó íosmhéid €20,000 go leibhéal socraithe €50,000. Bheadh breis cosanta ó chalaoisí ar nós Madoff.
Ní mór formheas na Comhairle is na Parlaiminte do na moltaí.
Fógraíodh pleananna chun cosaint chomhchosúil a leathnú go polasaithe árachais. Tá scéimeanna um árachas a ráthú ag roinnt tíortha cheana ach níl aon rialacha ar fud an AE. Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ![]()
![]()
.