Cosán nascleanúna

Ró-easnaimh - an Chipir, an Danmhairg is an Fhionlainn ar liosta faire anois - 16/06/2010

Boinn euro © EU

Ghníomhaigh 12 thír go héifeachtach chun a mbuiséid a smachtú.

Tá an Chipir, an Danmhairg is an Fhionlainn anois i measc na mballstát le heasnaimh buiséid atá ard go leor chun bagairt ar an ngeilleagar leathan Eorpach. Tá an Coimisiún anois ag moladh go gcuirfí ar liosta na dtíortha a thuilleann breis scrúdain ar a gcuid airgeadais poiblí iad.

Go dtí seo, ghníomhaigh 12 bhallstát ar shlí atá éifeachtach, dar leis an gCoimisiún, chun a mbearnaí a dhúnadh, ag laghdú caiteachais an rialtais is ag tabhairt isteach beart a mhéadóidh an teacht isteach, mar a gealladh. Ina measc tá Éire, an Iodáil, an Phortaingéil agus an Spáinn - 4 thír a bhíodh ina n-ábhar imní laistigh den limistéar euro faoina bhfiachas ard náisiúnta.

Idir an dá linn, ghlac an Ghearmáin céimeanna chun caiteachas na dtomhaltóirí a mhéadú - mar fhreagairt ar imní go ngortaíonn a farasbarr mór trádála geilleagair eile san AE. Ach leag an tír sin amach bearta chun an t-easnamh a laghdú do 2011 agus ina dhiaidh sin.

Seo na tíortha eile a athbhreithníodh i dtuarascáil dheiridh an Choimisiúin: an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Ísiltír, an tSlóvaic is an tSlóivéin.

Mar a dhéanann sé le gach tír faoi scrúdan, mhol an Coimisiún spriocanna don Chipir, don Danmhairg is don Fhionlainn chun a n-easnaimh a cheartú. Bheadh go dtí 2011 ag an bhFionlainn, agus go dtí 2012 agus 2013 faoi seach ag an gCipir is ag an Danmhairg.

Bhí gannchion 6.1% dá OTI ag an gCipir anuraidh. Meastar go sroichfidh na heasnaimh 5.4% i mbliana sa Danmhairg agus 4.1% san Fhionlainn.

Go dtí le déanaí, ba chosúil go raibh ag éirí go maith leis na tíortha sin. Dúirt Coimisinéir airgeadaíochta an AE, Olli Rehn, go dtaispeánann an t-athrú tobann déine na géarcheime geilleagraí, a rinne ár ar chaiteachas poiblí.

Tá faoin teorainn 3% ar easnaimh - ar cuid de Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska í - éagothromachtaí a chosc a d'fhéadfadh baint faoi mhuinín sa limistéar euro, mar a tharla an mhí seo caite i ngéarchéim fiachais na Gréige.

 

Breis faoi nós imeachta ró-easnaimh an AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links