Cosán nascleanúna

An Eastóin ullamh don euro - 12/05/2010

Radharc ar Thaillinn, príomhchathair na hEastóine ©EU

Ocht dtír eile nach bhfuil ullamh dom limistéar euro fós.

Sé bliana d'éis di teacht isteach san AE, comhlíonann an Eastóin na riachtanais chun an euro a ghlacadh.

D'fhógair an Coimisiún inniu go molfadh sé go gceadódh rialtais an AE don tír athrú go dtí an t-airgeadra in Eanáir na bliana seo chugainn. Bheadh an Eastóin, a úsáideann an kroon faoi láthair, ar an 17ú tír chun an euro a ghlacadh.

Leis an bhfógra bhí tuarascáil nua English a thaispeánann ná comhlíonann ocht dtír AE eile na coinníollacha ballraíochta do limistéar an euro - an Bhulgáir, an Laitvia, an Liotuáin, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn agus an Ungáir. Roghnaigh an Bhreatain is an Danmhairg gan an euro a ghlacadh.

Le cáiliú, ní mór d'iarrthóirí a thaispeáint go bhfuil dea-chuma ar a gcuid airgeadas poiblí is go bhfuil an ráta malairte agus praghsanna cobhsaí. Fairis sin, ní foláir rátaí úis a bheith íseal, agus an reachtaíocht náisiúnta faoi chúrsaí airgeadaíochta a bheith de réir dhlí an AE.

Is i 1999 a tugadh an euro isteach i margaí airgeadais an domhain. Cuireadh na boinn is na nótaí bainc i gcúrsaíocht trí bliana níos déanaí.

An tSlóvaic an tír is déanaí a ghlac an euro - in 2009. Úsáideann thart ar 329 milliún duine an euro gach lá, beagnach dhá dtrian de dhaonra an AE, atá timpeall 500 milliún.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links