Cosán nascleanúna

An Coimisinéir do Ghnóthaí Geilleagracha agus Airgeadaíocha Olli Rehn ©EU

Coimisiún ag súil go bhfillfidh OTI san AE go leibhéil réamhchúlaithe de réir a chéile. Ach tá gaotha roimh an gheilleagar fós.

Tháinig deireadh leis an gcúlú is sia agus is doimhne i stair an AE i dtríú ráithe 2009 nuair a thosaigh an fíor-OTI ag athfhás. Ach mar a tuaradh, mhoilligh an fás i ráithe dheiridh na bliana.

Ag féachaint romhainn, meastar nach méadóidh an geilleagar ach 0.7% in 2010, mar a thuar réamhaisnéis an fhómhair 2009.

Bhain an AE tairbhe as téarnamh domhanda níos treise ná mar a tuaradh i ndara leath 2009. Tá coinníollacha domhanda fós dearfach, le súil go bhfásfaidh an geilleagar domhanda 4¼% in 2010 (lasmuigh den AE).

In ainneoin na timpeallachta dearfaí sin, tá roinnt fachtóirí ag bagairt ar fhás an AE in 2010. Ina measc tá margaí tithíochta níos laige i roinnt ballstát agus ísliú ar tháirgeadh tionsclaíoch agus ar mhiondíol. Idir an dá linn, tá ionchas éiginnte sna margaí airgeadais, in ainneoin na mórmhéaduithe ó thús 2009. Agus is cosúil go n-ardóidh an dífhostaíocht, rud a mhoilleodh caiteachas tomhaltóirí.

In 2009 bhí an boilsciú an-mheasartha, 1.0% san AE agus 0.3% i limistéar an euro, i ngeall ar mhoilliú an gheilleagair. Meastar go sroichfidh ráta 2010 an AE ina iomláine 1.4%, méadú beag ar an réamhaisnéis dheiridh. Fanann réamhaisnéis an limistéir euro gan athrú ag 1.1%.

Tá cothromaíocht fós i bpriacail an téarnaimh sa réamhaisnéis reatha. Léiríonn cora le déanaí sna margaí airgeadais an baol go méadóidh an éiginnteacht. Ach dá mbeadh téarnamh domhanda níos treise ná mar a tuaradh, neartódh sé geilleagar an AE.

Is gnách go bhfoilsíonn an Coimisiún réamhaisnéisí geilleagracha ceithre huaire sa bhliain - réamhaisnéisí cuimsitheacha san earrach is san fhómhar agus cinn eatramhacha níos lú i bhFeabhra is i Meán Fómhair. I mBealtaine atá an chéad réamhaisnéis eile le foilsiú.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links