Cosán nascleanúna

Straitéis scoir do chúrsaí airgeadais poiblí - 27/01/2010

Boinn euro ar phostaer de chomhartha euro © EU

Iomalairt ar easnaimh sa bhuiséad arna deonú don Liotuáin agus do Mhálta: Is cosúil go mbainfidh an Ungáir agus an Laitvia na sprioc-amanna amach in am.

Tá fiche balltíortha in aghaidh sprioc-amanna an AE chun caoi a chur ar a gcuid buiséad - a ceapadh a bheith ríthábhachtach i gcomhair cobhsaíochta eacnamaíche agus fáis de réir mar a théann an AE i ngleic leis an gcúlú. Léiríonn athbhreithniú ar an staid san Ungáir, i Laitvia, sa Liotuáin agus i Málta go bhfuil céimeanna imleor déanta ag gach ceann de na ceithre tír chun a n-easnaimh a mhaolú.

Is cosúil go mbainfidh an Ungáir agus an Laitvia a sprioc-amanna reatha amach agus spreagtar iad chun leanúint ar aghaidh leis na h-iarrachtaí seo. Ach iarann an coimisiún ar airí airgeadais an AE bliain eile a thabhairt do Mhálta agus don Liotuáin chomh maith chun smacht fioscach a thabhairt ar ais, go dtí 2011 agus 2012 faoi seach. Crapadh a ngeilleagair níos mó ná a rabhthas ag súil leis i mí Iúil, nuair a bhí na sprioc-amanna reatha leagtha síos.

Tá rialtais Eorpacha ag coimheascar chun easnaimh a tharraingt siar i ndiaidh an cor chun donais is measa ón Dara Cogadh Domhanda. Leathnaigh na bearnaí de réir mar a chuir rialtais lena gcaiteachas chun tacú lena gcórais baincéireachta agus chun a ngeilleagair a athbheochan. Le hioncaim cánachais ag titim go géar agus a lán daoine ar an ndól, bhí ar go leor acu airgead a fháil ar iasacht. Tá aisíoc an fhiachais costasach cheana féin, cé go bhfuil rátaí úis íseal. Féadfadh aon ardú sa ráta an téarnamh a mhoilliú.

Comhaontú cobhsaíochta agus fáis an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska - éilíonn an comhaontú idir balltíortha beartais fioscacha náisiúnta a chomhordú - ar bhaill reatha is fhéideartha an limistéir euro a n-airgeadas poiblí a choimeád fónta, le n-easnaimh sa bhuiséad níos lú ná 3% den OTI. Nuair a théann tír thar an teorainn, tugann airí airgeadais an AE moltaí chun an gannchion a laghdú. D'fhéadfaí píonóis agus rochtain níos daingne ar iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a ghearradh ar righneálaithe DeutschEnglishfrançais .

Go hiomlán, tá 20 balltíortha ag sárú na teorann 3% anois.

Bhain an Ungáir a sprioc-easnamh 2009 de 3.9% den OTI amach. Tá go dtí 2011 aici chun a heasnamh a thabhairt faoi 3%. Chríochnaigh Laitvia an bhliain le heasnamh réamh-mheasta ag beagán faoi 10% den OTI, mar a mhol an AE. Is é an sprioc do 2010 ná 8.5%.

Mhéadaigh easnamh na Liotuáine go beagnach 9.5% den olltáirgeacht intíre an bhliain seo caite, suas ó 3.2% i 2008. Chríochnaigh Málta 2008 le heasnamh de 4.7% den OTI agus measann sé go dtitfidh sé seo go 3.8% do 2009.

 

Forbhreathnú ar nósanna imeachta leanúnach um easnaimh iomarcacha. English

Comhaontú cobhsaíochta agus fáis an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links