Cosán nascleanúna

Bean ag féachaint trí dhéshúiligh le boinn euro  © EC

D'fhág an ghéarchéim gheilleagrach go leor tíortha le heasnaimh sa bhuiséad i bhfad níos mó ná an teorainn 3%. Tá an Coimisiún ag moladh sprioc-amanna chun na bearnaí a laghdú.

Bliain ó shin, bheadh easnaimh sa bhuiséad dhá nó trí huaire thar theorainn an AE, bheidís dothuigthe i bhformhór na dtíortha. Anois is rud gnách iad - iarmhairt na géarchéime geilleagraí a bhagraíonn an Eoraip a tharraingt ar ais i gcúlú.

Caithfidh tíortha an AE caoi a chur ar a n-airgeadas poiblí - aontaíonn cách faoi sin. Is é an cheist cé chomh tapa? Tá leisce ar go leor caiteachas a ghearradh go luath ar eagla go moilleodh sé an téarnamh atá ag tosú. Tugann clár ama an Choimisiún English idir dhá agus cúig bliana do 13 thír chun smacht fioscach a thabhairt ar ais.

De réir rialacha an AE, caithfidh baill reatha is fhéideartha an limistéir euro a n-easnaimh sa bhuiséad a choiméad níos lú ná 3% den olltáirgeacht intíre, cé go bhfuil siad i dteideal roinnt solúbthachta nuair a théann an gheilleagar in olcas. Tá na rialacha - mar chuid de chomhshocrú cobhsaíochta agus fáis an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska – dírithe ar mhíchothromaíochtaí a chosc a d'fhéadfaidh baint ón limistéar euro.

Ar an meán, easnaimh 0.8% den OTI in 2007 agus 2.3% in 2008 a bhí ag ballstáit an AE. Meastar go méadóidh sé sin faoi thrí go 6.9% i mbliana agus go 7.5% i 2010.

Mhéadaigh na bearnaí idir caiteachais rialtais agus ioncam i rith na géarchéime nuair a chuir rialtais leis an gcaiteachas chun a gcórais baincéireachta a chothú agus a ngeilleagair a athbheochan. Le hioncaim cánachais ag titim go géar, bhí ar go leor acu airgead a fháil ar iasacht.

Tá aisíoc an fhiachais costasach cheana féin, cé go bhfuil rátaí úis íseal. Tugann Coimisinéir na ngnóthaí geilleagracha, Joaquin Almunia, rabhadh go bhféadfadh aon ardú sa ráta an téarnamh a mhoilliú.

Molann an Coimisiún sprioc 2013 do naoi dtír: an Ghearmáin, an Fhrainc, an Spáinn, an Ísiltír, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Phortaingéil.

Bheadh do dtí 2012 ag an Iodáil is ag am mBeilg, go dtí 2014 ag Éirinn agus go dtí bliain fhioscadh 2014-15 ag an mBreatain. Ní mór don Chomhairle glacadh leis na moltaí.

Faoiseamh is ea na moltaí don Fhrainc, don Spáinn, d'Éirinn is don Bhreatain, óir bhí spriocanna níos luaithe ag na tíortha sin toisc easnaimh thar an teorainn 3% a bheith acu anuraidh.

Spreagann an Coimisiún an Ghréig chun gníomhú láithreach, á rá dó nach leor a ndearna an tír sin chun an bhearna a dhúnadh. Measann an Ghréig gur easnamh beagnach 13% a bheidh aici i mbliana, i bhfad níos mó ná mar a measadh roimhe seo.

Breis faoi nós imeachta an ró-easnaimh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

 

An ghéarchéim gheilleagrach agus airgeadais - freagairt an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links