Cosán nascleanúna

Baincéireacht gan teorainn - 04/11/2009

Bean ag aistarraingt airgid as UBM ©EC

Tig le hEorpaigh dochar díreach óna gcuntas baile a úsáid chun billí a íoc in aon áit san AE.

An mhí seo seoladh scéim nua a cheadaíonn do chuideachtaí íocaíochtaí a aistarraingt go díreach ó chuntas custaiméara i dtír eile san AE. Tairbhe a bheidh anseo d'úinéirí tithe, do mhic léinn is dóibhsiúd atá ar scor agus cónaí orthu thar lear.

Seachnaíonn dochar díreach DeutschEnglishfrançais dua na gcustaiméirí bainc seiceanna a scríobh nó airgead a aistriú chun billí a íoc. Is gnách go n-úsáidtear é chun íoc as táillí ar sheirbhísí athfhillteacha amhail fóntais agus síntiúis irisí agus guthán.

Roimhe seo theorainnítí an córas do chuideachtaí arb ionann tír dóibh agus banc an chustaiméara. Ach de réir na scéime nua, cuireann breis is 2,500 banc dochar díreach thar theorainneacha náisiúnta ar fáil anois.

Ní fada go méadófar a líon: ní mór do gach banc i dtíortha an limistéir euro dochar díreach trasteorainn a thabhairt isteach faoi Shamhain 2010. Tá go dtí Samhain 2014 ag bainc atá lasmuigh den limistéar euro.

Tacaíonn rialacha nua leis an gcóras chun a chinntiú nach deacra dochar díreach ó thír go tír ná sa bhaile, agus is céim thábhachtach í sin i dtreo geilleagair AE a bheidh lánpháirtithe go fíor.

Tig le hEorpaigh airgead a aistarraingt i dtíortha eile lena gcártaí dochair cheana féin. Romhainn amach: siopadóireacht gan teorainn trí chárta dochair. I bhfad na haimsire beidh custaiméirí in ann cárta bainc amháin a úsáid do gach seirbhís bainc in aon áit san AE.

Seachas 27 ballstát an AE, tá cúig thír eile páirteach sa chlár: an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis, Lichtinstéin agus Monacó.

Cor nua eile sa scéal, ní fada gur fusa a bheidh sé do chustaiméirí malartú go banc eile ina dtír féin. D'aontaigh na bainc go gcabhróidh an banc nua le custaiméir chun an seanchuntas a dhúnadh agus an t-iarmhéid a aistriú. Tá glactha ag formhór na gcumann baincéireachta náisiúnta leis an gcaighdeán.

Breis faoi 'limistéar aonair na n-íocaíochtaí euro' DeutschEnglishfrançais

Dochar díreach san AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links