Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Nochtann an Coimisiún pleananna do mhaoirseacht airgeadais níos déine ag an leibhéal Eorpach
Thaispeáin an ghéarchéim baincéireachta is measa leis na cianta conas a thig le priacail infheistíochta an córas airgeadais leathan a dhíchobhsú agus geilleagair iomlána a chur dá dtreoir. Ag cruinnithe mullaigh ar leith níos luaithe i mbliana, gheall ceannairí an AE agus Grúpa 20
na scoth-gheilleagar go neartófaí maoirseacht an chórais airgeadais chun priacail iomarcacha a sheachaint.
"Tá géarghá le maoirseacht níos fearr ar na margaí airgeadais trasteorann ar chúiseanna geilleagracha is eiticeacha," arsa Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso."Tá moltaí á ndéanamh ag an gCoimisiún inniu chun muinín a thabhairt ar ais, chun géarchéimeanna a chosc feasta agus le fás is poist a chosaint."
Faoi láthair, is ag an leibhéal náisiúnta is mó a mhaoirsítear córas baincéireachta na hEorpa. Molann plean an Choimisiúin go gcruthófaí comhlacht tras-Eorpach chun teacht ar phriacail ar fud an chórais is chun tabhairt fúthu.
Bheadh Comhairle na bPriacal Sistéamach Eorpach faoi chathaoirleacht uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus i measc na mball bheadh maoirseoirí airgeadais is ionadaithe ó bhainc ceannais gach tíre. Rabhadh luath a thabhairt faoi phriacail a bhagraíonn ar chobhsaíocht na margaí airgeadais, agus gníomhú chun ceartuithe a mholadh, sin an cúram a bheadh uirthi.
Fairis sin, molann an Coimisiún go mbunófaí Córas Eorpach na Maoirseoirí Airgeadais chun síor-fhorléargas ar fhorais airgeadais atá ag obair i mbreis is dhá bhallstát AE a chinntiú. Faoin gcóras, is iad na húdaráis Eorpacha baincéireachta, árachais is urrús a mhaoirseodh is a chomhordódh obair na maoirseoirí a bheadh ag obair ag an leibhéal náisiúnta.
Cumadh an pacáiste dhá bheann ![]()
![]()
, dlúthchuid de fhreagairt an AE ar an ngéarchéim airgeadais, chun margaí airgeadais a dhéanamh níos sábháilte d'infheisteoirí is chun muinín sa chóras a thabhairt ar ais. Cabhróidh na tograí chun margadh Eorpach na seirbhísí airgeadais a dhaingniú.
Nuair ba bheag nár thit córas baincéireachta na hEorpa as a chéile i nDeireadh Fómhair 2008, bhunaigh an tUachtarán Barroso grúpa saineolaithe baincéireachta, faoi chathaoirleacht iar-cheannaire an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Jacques de Larosière, chun teacht ar shlite chun an mhaoirseacht airgeadais a fheabhsú. Is ar mholtaí an ghrúpa a bunaíodh na tograí. Meastar go mbreithneoidh ceannairí an AE na tograí ag cruinniú an Mheithimh.