Cosán nascleanúna

Tiomáineann AE gníomhú géarchéime G20 - 02/04/2009

Mirek Topolánek agus José Manuel Barroso© EC

Mar chabhair don gheilleagar domhanda, aontaíonn G20 ar $1.1 trilliún (€832bn) don CAI (IMF) is d'fhorais eile chun rialacha a theannadh ar mhargaí airgeadais.

D'fháiltigh an tAE roimh an gcomhaontú. An tAE a bhí ar thús cadhnaíochta in iarrachtaí chun na cleachtais scaoilte baincéireachta faoi deara an ghéarchéim airgeadais a smachtú.

Mar mhacalla ar mholtaí an Aontais, d'fhógair ceannairí an Ghrúpa 20 English bearta chun tacú le trédhearcacht mar eineachras ar bhagairtí ar fud an chórais is ar dhul i bpriacal rómhinic is rómhór. Ina measc tá rialacha nua faoi phá is faoi bhónais baincéirí - ceist a chuir fearg ar an bpobal - is deireadh le tearmainn chánach nach nochtann eolas cánach.

Bhí cruinniú mullaigh Londan mar chéim a dó in iarrachtaí an ghrúpa tabhairt faoin ngéarchéim airgeadais dhomhanda - an cúlú is mó ó na 1930-aidí. I Samhain i Washington a tionóladh an G20 roimhe sin.

Chun cabhrú le tíortha i bponc, cheadaigh na ceannairí $500bn (€370bn) i nua-mhaoiniú don CAI, rud a thugann a chuid acmhainní go $750bn (€556bn). An tAE a thabharfaidh €75bn den airgead sin. Thairis sin, d'aontaigh na ceannairí G20 ar mhéadú $250bn (€185bn) i saoráid rótharraingte an CAI do bhallstáit atá i bponc. Mar iasachtóir céime deiridh, d'iarr an CAI an méadú tar éis dó tacú le breis is dosaen tír le déanaí.

Beidh $100bn (€74bn) breise ar fáil chun forbraíocht a mhaoiniú, is cuirfear trí bhainc a bhunóidh tíortha-deontóirí é. $250bn (€185bn) a atosóidh an trádáil.

Tá sé seo sa bhreis ar airgead atá á chaidéalú isteach sa gheilleagar domhanda ag rialtais is ag bainc cheannais ar fud an domhain. Dúirt na ceannairí go sroichfeadh an spreagadh $5tr (€3.7tr) faoin mbliain seo chugainn, an ceann is mó dá bhfacthas riamh. Thuar na ceannairí go gcruthódh sé sin na milliúin post ar fud an domhain.

Fairis sin, leag an G20 freagracht ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádada as ainm is náire a chur orthusan a rachaidh le caomhnaitheacht. Gheall sé cainteanna trádála Doha a chríochnú go tapa - rud a chuirfeadh, dar leis, $ 150 billiún leis an ngeilleagar domhanda.

Ar an dul céanna le moltaí AE, tugann plean an G20 ról neartaithe d'fhorais airgeadais idirnáisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar phriacail gheilleagracha. Neartaíonn sé glór na ngeilleagar forbraíochta is éiritheacha sna forais sin freisin.

Cruinniú mullaigh an G20 - ráiteas na gceannairí English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links