Cosán nascleanúna

Teorainneacha easnaimh an AE sáraithe ag cúig thír - 24/03/2009

An Coimisinéir do ghnóthaí geilleagracha is airgeadaíochta Joaquin Almunia © EC

Iarrann an Coimisiún ar bhallstáit AE easnaimh bhuiséid a smachtú

Agus an t-airgeadas poiblí á chreimeadh ag an ngéarchéim gheilleagrach, meastar go sáróidh easnaimh bhuiséadacha i 5 thír an 3% den olltáirgeadh intíre a cheadaíonn an tAE.

Tá imní ar an gCoimisiún faoi chobhsaíocht an limistéir euro, is tá spriocanna á moladh aige chun géilleadh don teorainn 3%. Bhí easnaimh thar an teorainn 3% anuraidh ag na cúig thír - an Fhrainc, an Ghréig, Éire, an Spáinn is an Ríocht Aontaithe (RA).

Iarrrtar ar Éirinn a heasnamh sa bhuiséad a thabhairt faoin teorainn faoi 2013. An Fhrainc is an Spáinn faoi 2012. Ba cheart don Ghréig bearta a ghlacadh chun a heasnamh a smachtú i 2010. Agus is é 2013-14 sprioc an RA.

Ceannairí an AE a dhéanfaidh an cinneadh deiridh faoi na spriocanna.

D'at na heasnaimh i ngeall ar mheath géar i dteacht isteach cánach is méadu i gcaiteachas sóisialta amhail sochar dífhostaíochta. Idir an dá linn tá rialtais ag síneadh láimhe i dtreo an státchiste chun fás is infheistíocht a spreagadh is chun troid leis an gcúlú geilleagrach is measa ón Dara Cogadh Domhanda. Ar an iomlán, tá na Ballstáit AE ag caidéalú 3.3% d'OTI an AE, nó thart ar €400bn, isteach sa gheilleagar thar dhá bhliain.

Faoi rialacha an AE, ní mór do bhaill reatha, is do bhaill ionchasacha, an limistéir euro a n-easnaimh bhuiséid a choimeád faoi bhun 3% an OTI. Coscann na rialacha - ar cuid de chonradh cobhsaíochta is fáis an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska iad – éagothromaíochtaí a bhainfeadh faoi mhuinín sa limistéar euro.

Toisc í a bheith lasmuigh den limistéar euro, níl ceangal na rialacha ar an RA ach déanann sí iarracht cloí leo.

Thuar an Coimisiún in Eanáir seo caite go mbeadh easnaimh bhuiséid i mbliana de bhreis is 5% sa Fhrainc, beagnach 6% sa Spáinn, 11% in Éirinn, agus ar a laghad 9% sa RA. Maidir le heasnamh na Gréige, a thosaigh i 2007, is a shroich 3.7% i 2008, meastar go bhfanfaidh sé thar an teorainn i mbliana.

Fairis sin, ghríosaigh an Coimisiún an Chipir chun guaime, le rabhadh go bhféadfadh an t-easnamh ansin fás go tapa sna blianta romhainn. Meastar go mbeidh easnamh 1% ag an gCipir i mbliana, d'éis a pacáiste spreagtha geilleagair a chur chun feidhme.

Léirigh ceannairí an AE imní faoi bhearnaí buiséid a bheith ag fás. Ag cruinniú mullaigh an Mhárta, dúirt siad gur cheart do bhallstáit an AE filleadh ar "easnaimh a thagann le hairgeadas poiblí inbhuanaithe" chomh luath agus is féidir.

Breis faoi nós imeachta ró-easnaimh an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links