Cosán nascleanúna

Bratach na hEorpa is bratacha náisiúnta na mBallstát  © EC

Agus ceannairí an AE á ngríosadh chun muinín sna margaí a aischur go tapa, leagann an Coimisiún amach tograí do leasú uileghabhálach an chórais airgeadais.

Molann an plean córas maoirseachta EnglishPDF ina mbeidh breis feitheoireachta ag leibhéal an AE fara ról láidir do mhaoirseoirí náisiúnta. Bunaíodh é ar thuarascáil le grúpa saineolaithe baincéireachta faoi cheannas an iarbhaill de bhanc ceannais na Fraince Jacques de Larosière.

Aontaíonn an Coimisiún leis an ngrúpa faoin ngá chun údarás uile-Eorpach a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar phriacail gheilleagracha. Fairis sin, tacaíonn sé leis an moladh gur cheart do na 27 Ballstát comhchaighdeáin rialála a ghlacadh ach aire na mbanc ar leith a fhágáil faoi rialtóirí náisiúnta.

Rachaidh an plean anois chuig an gComhairle Eorpach, níos déanaí i Márta. Tá faoi cheannairí an AE an talamh a réiteach do chruinniú Aibreáin an Ghrúpa 20 de thíortha tionsclaithe is forbartha i Londain. Beidh leasú rialúcháin ar an gclár, is ba mhaith leis an AE brú ar aghaidh go haontaithe chun córas airgeadais an domhain a fheabhsú.

Ní mór don Chomhairle Eorpach "comhartha láidir a chur chuig saoránaigh, chuig lucht gnó is chuid an domhan. Tá, tá slí amach as an ngéarchéim. Tá, tá an aontacht, an mhuinín is an diongbháilteacht is gá ag an Eoraip chun an cath seo a bhuachan ," arsan t-uachtarán Barroso.

An plean a moladh do na ceannairí AE, leagann sé amach bearta chun priacal a shrianadh is chun muinín a chur ar ais sna margaí, chomh maith le faireachán níos fearr ar bheartais pá na mbanc.

Caitheann an 27 Ballstát thart at 3.3% d'olltáirge intíre an AE ar chláir chun fás a mhéadú i mbliana. Iarrann an Coimisiún ar na ceannairí AE prionsabail shoiléire don ghníomhaíocht feasta a dhearbhú, amhail tacú le trádáil oscailte, le geilleagar íseal-charbóin is le smacht buiséid.

Mhéadaigh an ghéarchéim imní go bhfuil roinnt tíortha AE ag dul i dtreo na caomhnaitheachta chun a ngeilleagair a neartú. Ag cruinniú mullaigh neamhfhoirmeálta an 1 Márta, gheall na ceannairí gríomhartha a sheachaint dá gcuirfidís an margadh aonair AE i mbaol.

Ba cheart do bhaill an AE iarrachtaí a mhéadú chun tabhairt faoi dífhostaíocht, atá ag teannadh le 10% i 2010 don chéad uair ó na 1990-aidí.

 

Géarchéim airgeadais - fíricí is beartais DeutschEnglishespañolfrançaisportuguês

 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links