Cosán nascleanúna

An chéad géarchor creidmheasa eile a sheachaint - 25/02/2009

Monaí euro agus péire spéaclaí ar nuachtán airgeadais © EC

Molann saineolaithe Eorpacha breis maoirseachta chun géarchéim airgeadais eile a sheachaint

Chuir grúpa saineolaithe airgeadais 31 moladh EnglishPDF mionsonraithe chun maoirseacht ar fhorais is ar mhargaí airgeadais an AE a neartú.

I measc na moltaí tá comhrialacha do chistí infheistíochta a fhorbairt sna 27 Ballstát AE uile, bónais baincéirí a chaidhpeáil faoi léas ag leasanna na scairshealbhóirí agus córas bainistíochta géarchéime a bhunú d'earnáil airgeadais an AE.

Tacaítear le dhá chóras rialála nua AE - do mhaoirseacht airgeadais is do bhainistiú prriacail.

"Anois is faoin gCoimisiún measúnú agus gníomhú. An tseachtain seo chugainn an 4 Márta tabharfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú is réamhfhreagairt ar phríomhchonclúidí na tuarascála," arsa uachtarán an Choimisiiúin José Manuel Barroso. "D'fhulaing oibrithe is teaghlaigh ar fud na hEorpa is an domhain de dheasca mhustar na margaí airgeadais. Tá faoin gCoimisiún a chinntiú nach dtarlóidh sé sin athuair."

Iar-Stiúrthóir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Jacques de Larosière, a bhí mar chathaoirleach ar an ngrúpa saineolaithe. Pléifear a mholtaí ag cruinniú neamhfhoimeálta de cheannairí an AE an 1 Márta, agus arís níos déanaí sa mhí ag cruinniú mullaigh foirmeálta an earraigh.

Achoimre ar thuarascáil mhaoirseacht airgeadais an AE EnglishPDF

Tuarascáil iomlán EnglishPDF

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links