Cosán nascleanúna

An Méadú soir - scéal rathúil AE - 20/02/2009

Léarscáil den AE © EC

Athbhreithníonn Coimisiún méadú 2004/2007, a bhí tairbheach don gheilleagar, dar leis.

Sa mhéadú is déanaí, chuir an tAE 12 bhallstát nua ó lár is ó oirthear na hEorpa is ón Meánmhuir lena ballraíocht - go príomha i 2004 (an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir,) agus arís i 2007 (an Rómáin is an Bhulgáir).

B'shin an méadú AE ba mhó riamh English is ba chéim stairiúil í chun an Eoraip a aontú tar éis na mblianta fada roinnte i ngeall ar an gCogadh Fuar.

An uair úd, bhíodh imní ar chuid de na 15 bhallstáit faoi thionchar na mball nua ar a ngeilleagair is ar a gcórais shóisialta. Ach cúig bliana níos déanaí taispeánann staidéar ón gCoimisiún българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska nach raibh bonn leis an imní sin is gur tairbhe ar gach taobh do na ballstáit, idir shean is nua, a thug an méadú.

Rannchuidigh an méadú le feabhais shuntasacha i gcaighdeáin mhaireachtála na mballstát nua, le nua-aoisiú a ngeilleagar is le forais is dlíthe níos cobhsaí. Fairis sin, chruthaigh sé deiseanna nua infheistíochta is onnmhairithe do lucht gnó sna sean-bhallstáit. Is bhain an tAE uile tairbhe as an méadú tráchtála idir na baill, rud a mhéadaigh an cumas iomaíochta.

Spreag lánpháirtiú tapa an fás. I gcuid de na ballstáit nua, ámh, chruthaigh sé leochaileachtaí a chuaigh in olcas de dheasca an chúlaithe dhomhanda faoi láthair. Ach tá na huirlisí is gá ag an AE chun freagairt don ghéarchéim. Tacaíonn comhshocrú cobhsaíochta agus fáis българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska agus straitéis jabanna is fáis danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska an AE le hairgeadas poiblí folláin agus le leasuithe struchtúir. Thairis sin, tugann an tAE tacaíocht airgeadais ó chistí struchtúrtha is ó chistí um chomhtháthú DeutschEnglishfrançaisitaliano , ón m Banc Eorpach Infheistíochta DeutschEnglishfrançais agus ó shaoráid chomhardú íocaíochtaí an AE.

Ag féachaint romhainn, feiceann an Coimisiún deis go dtaobhóidh an moilliú geilleagrach le leasuithe domhaine a chuirfidh le fás - is a bhfuil géarghá leo chun tacú go leanúnach le lánpháirtiú, bearnaí ioncaim a dhúnadh, ról suntasach a chinntiú don AE sa gheilleagar domhanda agus cabhrú leis fáilte a chur roimh bhaill nua feasta.

Tuarascáil: Cúig bliana den AE méadaithe. Éachtaí geilleagracha agus dúshláin българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Méadú an AE - cúig bliana dá éis English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links