Cosán nascleanúna

Ciorrú ar rómhaorlathas ar CBL - 29/01/2009

Bean is carn cáipéisí AE á bhrú as an mbealach aici chun slí a dhéanamh do chomhad amháin ar a bhfuil lógó an AE ©EC

Deis do ghnó faoi rialacha CBL sruthlínithe ón AE.

Tá an tAE ag athbhreithniú a chuid rialacha faoi shonraisciú CBL, ag rá go gcoigleodh na hathruithe thart ar €18bn sa bhliain do ghnólachtaí. Tá faoi na moltaí rómhaorlathas agus calaois a ísliú agus sonraisciú leictreonach a mhéadú.

Tá sé de cheart ag tíortha rialacha AE faoi cháin bhreisluacha DeutschEnglishfrançais a oiriúnú dá ndlíthe féin. Ach bíonn cuideachtaí ag gearán faoi nósanna imeachta náisiúnta a bhíonn róchasta is ró-dhíchosúil, rud nach n-éascaíonn gnó i mbreis is tír amháin. Sna rialacha nua laghdaítear roghanna do rialtais in iarracht chun an cleachtas a chaighdeánú.

Fairis sin, laghdaíonn siad ar an t-am a bhíonn ag cuideachtaí chun idirbhearta i mballstáit eile AE a thuairisciú, rud a chabhródh le rialtais náisiúnta an chalaois a chomhrac. Díbríodh an cosc ar shonraisc leictreonacha, rud a chiallóidh gurbh ionann mar a chaithfí le l-shonraisc is le páipéar.

Chun cabhrú le mionghnólachtaí, leathnaíon an togra úsáid na foirme simplithe den sonraisciú, go háirithe do shonraisc €200 nó níos lú, is méadaíonn solúbthacht do thíortha faoin uair is gá cánacha ar an sonrasc a bhailiú.

“Tacóidh tionscnamh tábhachtach an lae inniu le rialacha a bheidh i bhfad níos simplí, níos nua-aoisí is níos uileghabhálaí don sonraisciú," arsa Lázlo Kovács, Coimisinéir an chánachais is an chustaim.

Cáin ar an tomhaltóir, is ní ar ghnó, is ea CBL. Bíonn éagsúlacht mhór rátaí san AE. Bailíonn gnólachtaí CBL agus earraí á ndíol acu agus bíonn orthu an t-airgead cánach a chur chuig an státchiste. Ní mór dóibh sonraisc a úsáid a thaispeánann do chustaiméirí an CBL a gearradh.

Cuid bhunúsach den iarracht chun rómhaorlathas a laghdú atá sna hathruithe atá á moladh. Ceithre bliana ó shin, sheol an Coimisiún dreasú chun an t-ualach riaracháin a laghdú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar ghnólachtaí AE trína chuid reachtaíochta a shimpliú is a chódú. Ó shin i leith moladh go mbainfí thart ar 7 800 leathanacht ó leabhar dlí an AE.

I 2007 chinn an Coimisiún gur ghá a thuilleadh gníomhaíochta, lena n-áireofaí bearta teicniúla chun cur chun feidhme na rialacha a eascú, go háirithe i réimse an cháineachais is i ndlí na gcuideachtaí. Measann an Coimisiún gur choigil a chuid iarrachtaí sa réimse sin thart at €30bn do ghnólachtaí.

Faoi anáil iarracht an AE, bhunaigh 21 ballstát a leithéid de chláir chun a gcuid rialacha féin a shruthlíniú.

Breis faoi chiorrú an rómhaorlathais DeutschEnglishfrançais.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links