Cosán nascleanúna

"Ahoj" – deir an tSlóvaic "is ea" don euro - 31/12/2008

Monaí euro scaipthe ar shiombail an euro

Tá na Slóvacaigh ag ullmhú do theacht an euro an 1 Eanáir , nuair a bheidh a dtír ar an 16ú ball den limistéar euro.

Beidh an euro българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ina nóta dlíthairgthe sa tSlóvaic ón 1 Eanáir 2009. D'éis tréimhse eatramhach 16-lá ina mbeidh an dá airgeadra in úsáid, imeoidh koruna na Slóvaice ó thiachóga is ó thillí.

Ceiliúrann an dáta 10 mbliana ó seoladh an euro in 11 tír, cé gur choinnigh siad a nótaí is a monaí náisiúnta go tús 2002. I 2001 ghlac an Ghréig leis an euro. Lean an tSlóivéin i 2007, agus Málta is an Chipir i 2008. Ba ghá leasuithe ar bheartais geilleagracha is fhioscacha thar na blianta fada chun dul isteach sa limistéar euro.

Is mó atá i gceist le hathrú airgeadra ná athrú ar na nótaí is monaí a bhíonn in úsáid go laethúil. Ba ghá ullmhú teicniúil mionchúiseach sna húdaráis is sna gnóthais ar aon chun go n-athródh an tSlóvaic go dtí an euro. Ba ghá mórphleanáil loighistiúil chun dáileadh an airgeadra nua is tarraingt siar an koruna a eagrú.

Fuair tomhaltóirí is trádálaithe Slóvacacha eolas faoin athrú trí fheachtas a reáchtáil údaráis na Slóvaice le 10 mí anuas. Thug an feachtas aghaidh ar imní faoi mhéaduithe praghasanna agus an t-athrú ar siúl. Dhearbhaigh suirbhé le déanaí go mbraitheann an pobal níos socra anois is gur lú a n-imní faoi arduithe praghasanna.

Beidh trí dhearadh nua slovenčina ag bailitheoirí dá mbailiúcháin: crois dhúbailte ar chúl na monaí euro 2 agus 1, caisleán na Bratasláive agus ceann de bheanna sléibhe na Slóvaice – Krivan – ar chúl na monaí euro cent.

Déanfaidh rialtas na Slóvaice agus an tAE fairtheoireacht ghéar ar an athrú go dtí an euro. Measúnóidh suirbhéannna laethúla an t-athrú, is cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú i láthair in earrach 2009.

An euro sa tSlóvaic: nuashonruithe laethúla English.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links