Cosán nascleanúna

Margaí faoin aeráid is faoin ngeilleagar aontaithe sa Bhruiséil - 12/12/2008

 An tUachtarán José Manuel Barroso, Nicolas Sarkozy, Uachtarán Phoblacht na Fraince is Uachtarán na Comhairle AE in oifig agus rannpháirtithe eile na Comhairle ina suí os comhair iriseoirí  © EC

Comhaontuithe faoi athrú na haeráide, faoin téarnamh geilleagrach is faoi Chonradh Liospóin ag cruinniú mullaigh stairiúil.

D'éis dhá lá dianchaibidlíochta, d'aontaigh na ceannairí Eorpacha conas cuspóirí uaillmhianacha an AE faoin athrú aeráide a bhaint amach is cheadaigh plean €200bn chun tacú le geilleagar lagaithe an AE D'aontaigh siad ar phlean le hÉirinn, leis, chun Conradh Liospóin a dhaingniú.

D'fháiltigh Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso roimh na "comhaontuithe stairiúla" is d'iarr ar an domhan gníomhú an AE faoin athrú aeráide a leanúint. "Is ea, tig libh. Tig libh rud a dhéanamh orainn," ar seisean ag preasagallamh a chríochnaigh cruinniú mullaigh AE deireanach na bliana.

Promhadh fíorthábhachtach faoi rún na hEorpa an téamh domhanda a throid a bhí i gcruinniú na Bruiséile. Ag an AE atá na spriocanna athrú aeráide DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski is uaillmhianaí ar domhan, ina measc laghdú 20% i ngáis cheaptha teasa faoi 2020. Ach tá plé ar siúl ag ceannairí an AE faoi na slite is fearr chun na cuspóirí sin a bhaint amach le bliain anuas. Ghéaraigh ar an easaontas nuair a chraplaigh an ghéarchéim airgeadais geilleagar na hEorpa, agus imní ar roinnt tíortha faoin gcostas.

Méadóidh an comhaontú tionchar an AE ag cainteanna idirnáisiúnta aeráide an bhliain seo chugainn. Tá súil ag an AE go leanfaidh gníomhairí eile - amhail na Stáit Aontaithe, an tSín, an India, an Rúis is an Bhrasaíl - a shampla. "D'éirigh leis an Eoraip ina scrúdú inchreidteachta," arsan tUasal Barroso.

D'aontaigh na ballstáit AE ar phacáiste um spreagadh geilleagrach chun tionchar na géarchéime airgeadais a mhaolú, leis. Is fiú thart ar €200bn, nó 1.5% d'olltáirgeadh an AE, an pacáiste de bhearta fáis. Ó bhuiséid náisiúnta a thiocfaidh formhór an airgid - €170 billiún. Ó bhuiséid an AE is Bhanc Infheistíochta na hEorpa a thiocfaidh an fuílleach €30 billiún. Sa tslí is oiriúnaí dá gcuid riachtanas geilleagrach a chaithfeadh na rialtais an t-airgead.

Maidir le Conradh Liospóin българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , d'aontaigh Éire ar reifreann eile an bhliain seo chugainn ach ábhair imní na vótóirí Éireannacha a bheith socraithe. Diúltaíodh don Chonradh i reifreann i Meitheamh, rud a chuir moill ar leasú na bhforas AE a raibh súil leis le fada.

Tá imní ar chuid mhaith Éireannach faoi thionchar an Chonartha ar bheartais chánach na tíre, ar a neodracht mhíleata is ar cheisteanna eiticiúla amhail an ginmhilleadh. Thairg an Chomhairle ráthaíochtaí dlí d'Éirinn nach gcuirfeadh an Conradh isteach ar údarás an rialtais sna réimsí sin.

Dhiúltaigh vótóirí freisin do phlean a laghdódh líon na gCoimisinéirí Eorpacha, faoina gcaillfeadh na ballstáit - Éire ina measc - a gceart ar choimisinéir do gach tír. D'aontaigh an Chomhairle na céimeanna dlí is gá a ghlacadh chun go leanfaidh coimisinéir sa Bhruiséil ag gach ceann de na 27 tír má thagann an Conradh i bhfeidhm.

Breis faoin gComhairle Eorpach DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski .

Citizens' summary - EU climate and energy package.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links