Cosán nascleanúna

Géarchéim airgeadais - ag bogadh ar aghaidh - 10/11/2008

José Manuel Barroso agus Nicolas Sarkozy ag cruinniú na Comhairle © EC

Teastaíonn ón AE go réiteodh an cruinniú G20 an tslí chun an córas airgeadais idirnáisiúnta a leasú.

Ag cruinniú mullaigh idirnáisiúnta na seachtaine seo faoin ngéarchéim airgeadais in Washington, lorgóidh an tAE breis cumhachtaí don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta English (CAI). Ag teacht le chéile dóibh roimh chruinniú an 15 Samhain, d'aontaigh ceannairí an AE gur chóir don CAI - atá freagrach as comhoibriú airgeadaíochta idirnáisiúnta - ról lárnach a fháil chun an geilleagar domhanda a dheisiú is chun tubaiste eile a chosc.

Tabharfaidh cruinniú mullaigh Washington ceannairí le chéile ó na 20 geilleagar is tábhachtaí ar domhan. Teastaíonn ón AE go réiteodh an cruinniú G20 an tslí chun an córas airgeadais idirnáisiúnta a leasú. Seachas iarrachtaí chun an CAI a neartú, iarrfaidh sé breis rialúcháin – nó ar laghad maoirseachta - ar an tionscal airgeadais, breis cuntasachta agus trédhearcachta agus cur chuige nua chun priacal a mheas.

Tá an tAE ag obair cheana chun a earnáil airgeadais féin a neartú trí bhreis maoirseachta is rialú níos doichte. Ach le breis banc ag déanamh gnó trasteorainn, b'fhéidir gur obair in aisce a bheadh anseo gan gníomhú ag an leibhéal domhanda.

"Táimid ag maireachtáil trí nóiméad stairiúil atá i bhfad níos oscailte d'athruithe san ailtireacht airgeadais dhomhanda agus sa gheilleagar domhanda freisin," arsan tUachtarán Barroso ag cruinniú de cheannairí Eorpacha an 7 Samhain.

Níos lú ná coicís tar éis do Barack Obama toghchán na huachtaránachta SAM a bhuachan a bheidh cainteanna Washington ann. Agus béim á chur aige ar an ngná gníomhú go tapa, gríoseoidh an tAE na ceannairí chun sprioc 100-lá a shocrú don ghníomhú agus teacht ar dháta do dhara sraith cainteanna go luath d'éis do Obama teacht in oifig i mí Earnáir.

Roimh an gcruinniú cheiliúr an Coimisiún a fhéile 50 bliain trí sheomra comhdhála ina cheanncheathrú a thiomnú do Jean Monnet, duine de bhunaitheoirí an AE.

Dearbhú an chruinnithe English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links