Cosán nascleanúna

Cruinniú mullaigh domhanda le troid le géarchéim airgeadais - 20/10/2008

Nicolas Sarkozy, George Bush agus José Manuel Barroso © EC

Aontaíonn ceannairí SAM is AE ar shraith cruinnithe mullaigh faoi airgeadas domhanda.

Phléigh uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso agus uachtarán an AE is Uachtarán na Fraince Nicolas Sarkozy an rachlas domhanda geilleagrach le hUachtarán George W Bush i gCamp David thar an deireadh seachtaine.

D'aontaigh an triúr ceannairí beart a dhéanamh chun sraith de chruinnithe idirnáisiúnta a bhunú chun iarrachtaí le tabhairt faoin ngéarchéim a athbhreithniú agus aontú a lorg chun atarlú a sheachaint. “Ceadófar le ceannairí domhanda faoin smaoineamh go dtionólfaí an chéad chruinniú mullaigh de chinn rialtais i SAM go luath tar éis na dtoghchán i SAM [an 4 Samhain],” a dúirt comhráiteas English .

D'iarr ceannairí AE breis comhordaithe ar iarrachtaí chun muinín sna margaí a thabhairt ar ais chomh maith le méadú ar mhaoirsiú is rialú níos déine ar mhargaí aigeadais an domhain. An tseachtain seo caite ghlac SAM le plean fóirithinte airgeadais a múnlaíodh ar an gcur chuige Eorpach.

Cuireann an plean tarrthála ar chumas na rialtas iasachtaí bainc a ráthú, leachtacht ghearrthéarmach a chur ar fáil is roinnt banc a pháirt-náisiúnú. Tá breis is €2tr tiomnaithe ag rialtais AE don iarracht tarrthála.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links