Cosán nascleanúna

Cothrom na Féinne - 14/10/2008

Boinn euro agus spéaclaí ina luí ar nuachtán

Tarrthálacha banc faoi threoir AE chun airgead na gcáiníocóirí a chosaint agus iomaíocht chothrom a chinntiú.

Le roinnt seachtainí anuas, chonaic Eorpaigh banc i ndiaidh bainc ag fáil fóirithinte ó rialtais. Le cinntiú nach mbronnfadh airgead na gcáiníocóirí buntáiste míchothrom an na bainc seo, d'fhoilsigh an Coimisiún liosta moltaí English  do rialtais.

Ní mór do thacaíocht rialtais a bheith sealadach, sainmhínithe go soiléir, teoranta ina raon is gan a bheith de réir náisiúnachta. Ní thig le scairshealbhóirí teacht i dtír ar airgead na gcáiníocóirí, is ba chóir do bhainc cuid de chostas na cabhrach a íoc. Ní mór cód iompraíochta a bhunú chun mí-úsáid a sheachaint.

Caithfidh cabhair rialtais don earnáil phríobháideach a bheith faofa ag an gCoimisiún. Má leanann tíortha na treoirlínte seo, tig leo an solas glas do tharrtháil banc a fháil laistigh de 24 uair an chloig. I measc na dtíortha a fuair formheas le cúpla lá anuas tá an Ghearmáin, an Danmhairg, Éire is an Ríocht Aontaithe.

Teorannaíonn rialacha AE úsáid airgead na gcáiníocóirí chun tacú le cuideachtaí príobháideacha ionas nach mbeidh buntáiste míchothrom ar a n-iomaitheoirí ag na cuideachtaí seo. Bhí imní ann le déanaí nuair a mhéadaigh roinnt rialtas AE ráthaíochtaí ar thaiscí bainc, mar cruthaíodh baol go meallfadh sé caipiteal ó thíortha eile.

Mhol roinnt rialtas gur cheart na rialacha a chur ar fionraí le linn na géarchéime airgeadais. Ach deir Coimisinéir na hiomaíochta Neelie Kroes gur cuid thábhachtach den réiteach iad is go gcomhlánaíonn siad plean na hEorpa chun iarrachtaí tarrthála náisiúnta a chomhordú.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links