Cosán nascleanúna

Comhplean ag ceannairí EU don anfa airgeadais - 13/10/2008

Pile of euro coins © Corbis

I bPáras ag cruinniú mullaigh éigeandála leis na 15 thír sa limistéar euro agus leis an Ríocht Aontaithe a tharla an comhaontú. Tá súil go scrúdóidh ceannairí na 27 rialtas AE an plean ag a gcruinniú sa Bhruiséil an 15 Deireadh Fómhair.

An ghéarchéim airgeadais a thosaigh sna Stáit Aontaithe, is mór a chuaigh sé i gcion ar an Eoraip le coicís anuas. Bhí ar chuid mhaith tíortha AE gníomhú chun bainc an shábháil a bhí ar tí cliseadh.

Chuir an Banc Ceannais Eorpach English na billiúin euro isteach sa chóras a bhí an-ghann in airgead, agus chun daoine a chur ar a suaimhneas, d'ardaigh rialtais AE an méid airgid a ráthaíonn siad i dtaiscí. D'ainneoin na n-iarrachtaí seo, chuaigh na margaí Eorpacha trí chuid de na laethanta ba shruthlamaí riamh acu an tseachtain seo caite.

Gheall na ceannairí AE go gcomhordóidh siad iarrachtaí náisiúnta chun tacú le bainc is taisceoirí a chosaint. Faoin bplean seo, cheannódh rialtais náisiúntá isteach i mbainc chun a suíomh airgeadais a neartú is ráthóidís athairgeadú na mbanc go sealadach chun an géarchor creidmheasa a mhaolú.

D'aontaigh siad ar ráthaíochtaí baincéireachta a mhairfidh go Nollaig 2009, chomh maith le hiasachtaí idir bhainc. Agus táid toilteanach iasachtaí nua a fhrithghealladh go ceann cúig bliana.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links