Cosán nascleanúna

Dochtú ar rialacha banc - 01/10/2008

Graf de stoic Eorpacha ag tumadh agus bróicéir ag freagairt

Rialacha nua ar na bacáin mar chosc ar chleachtais banc a thug an ghéarchéim airgeadais

Ghlac sé rialtas AE céimeanna chun tacú le forais airgeadais, ós léir nach leis na Stáit Aontaithe amháin a bhaineann an ghéarchéim. Tá athbhreithniú tapa ar na pleananna tarrthála ar siúl ag an AE, chun a chinntiú nach sáraíonn siad rialacha faoin tacaíocht airgeadais English a dtig le rialtais a thabhairt do chuideachtaí.

Thuill na fóirithintí moladh ón gCoimisiún mar shampla den chomhoibriú trasteorann. Fara rialtais náisiúnta, bhí baint ag an mBanc Ceannais Eorpach English leis an gcaibidlíocht, ar choinnigh Coimisiún súil ghéar uirthi. Chuir an BCE dlús lena chuid iarrachtaí chun creidmheas a scaoileadh, is €120 bn á dheonú aige do thréimhse 30 lá sa limistéar euro ina bhfuil 15 náisiún.

Tá faoi cheannairí an AE an rachlas, a thug na margaí ag tumadh, a phlé ag a gcruinniú i lár Dheireadh Fómhair. Tá tionscnaimh á n-ullmhú do chur chuige ina mbeidh athrú struchtúrach, is ní bearta gearrthéarmacha amháin. Idir an dá linn, cloistear éilimh ar chruinniú mullaigh domhanda faoin ngéarchéim, smaoineamh lena dtacaíonn an tAE.

Ghríosaigh an Coimisiún SAM le glacadh le freagracht chun an ghéarchéim a réiteach, ní hamháin ar a son féin, ach ar son na coda eile den domhan freisin. Go dtí seo dhiúltaigh reachtóirí SAM d'fhóirithint $700bn do bhainc is d'fhorais airgreadais atá i bponc.

Baineann na rialacha a moladh le táirgí airgeadais a bhfuil taca leo ó linn morgáistí le céimeanna éagsúla priacail. Fúthu, níor mhór do bhainc a dhíolann a leithéid de tháirgí cuid acu a choimeád, rud a chiallódh go mbeadh cuid den phriacal orthu féin. Bheadh ar lucht infheistíochta iarracht níos fearr a dhéanamh lena chinntiú go bhfógrófar luach na dtáirgí a cheannaíonn siad. Chuirfí píonóis throma orthusan a loicfeadh.

Bhunófaí comhlachtaí maoracha do bhainc atá ag oibriú i dtíortha éagsúla, agus theorannófaí an méid airgid a mbeadh cead ag bainc a thabhairt ar iasacht dá chéile, nó a fháil ar iasacht óna chéile. Baineann moltaí eile le conas caipiteal bainc a mheas, is le conas a mhaoiníonn bainc a oibríonn i dtíortha éagsúla a gcuid oibríochtaí laethúla.

Le teacht i bhfeidhm, ní mór go nglacfaidh gach ceann den 27 rialtas AE agus Parlaimint na hEorpa leis na rialacha a moladh.

Breis eolais faoi mhargadh aonair an AE DeutschEnglishfrançais.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links