Cosán nascleanúna

Is géire an moilliú geilleagrach ná mar a measadh - 10/09/2008

An Coimisinéir Almunia os comhair graif a thaispeánann an réamhaisnéis gheilleagrach

Is measa na hionchais don fhás san AE i ngeilleagar domhanda deacair, is níor tháinig aon ligean as ar an mboillsciú fós.

Fásfaidh geilleagar an AE 1.4% i 2008, dar le réamhaisnéis eatramhach češtinadanskDeutscheesti keelEnglishespañolfrançaisitalianolietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsslovenčinaslovenščinasvenska is déanaí an Choimisiúin – atá thíos ón 2.0% a tuaradh san earrach. Bearradh réamhaisnéis an limistéir euro freisin – ó 1.7% san earrrach go dtí 1.3% anois.

Bíodh is go bhfuil bunsraith folláin sa limistéar euro agus i ngeilleagar an AE ar an mórgóir, míníonn roinnt tosca na hionchais ghruama don fhás sa ghearrthéarma:

  • neamhchinnteacht leanúnach sa gheilleagar domhanda agus moilliú san fhás domhanda – in ainneoin go bhfuil fás urrúnta sna geilleagair atá ag teacht chun cinn
  • teannas sna margaí airgeadais, a thiomáineann praghsanna tithe síos chuig leibhéal níos inbhuanaithe is a mhaolaíonn an ghníomhaíocht gheilleagrach, le roinnt tíortha AE buailte go dona
  • meath muiníne forleathan i dtíortha is earnálacha éagsúla.

 

Idir an dá linn, chuir arduithe móra i braghsanna fuinnimh is bia leis an mboillsciú i mbliana – bíodh is go bhfuil praghsanna ola is earraí eile tar éis titim óna leibhéil arda samhraidh. Ardaíodh na hionchais don bhoillsciú do 2008 go 3.8% don AE (3.6% don limistéar euro) – ach braithfidh a lán ar chora sna margaí earraí, agus ar cé acu an mbeidh tionchar ag praghsanna níos airde ansin ar bhoillsciú ginearálta praghsanna is pá. 

Bunaíodh réamhaisnéis eatramhach an Choimisiúin ar réamh - mheastacháin nuashonraithe do na tíortha seo: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe – arb ionann iad le chéile is thart ar 80% d'OTI an AE. Tá súil leis an gcéad réamhaisnéis chuimsitheach eile faoi gheilleagar an AE an 3 Samhain 2008.

Léigh an réamhaisnéis iomlán English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links