Cosán nascleanúna

Ardú ar cháin tobac an eochair d'fheachtas AE i gcoinne toitíní - 15/07/2008

Bunanna toitíní

D'ardófaí an íoscháin a ghearrann Ballstáit AE ar thoitíní is ar thobac   de réir a chéile chun caitheamh tobac is smuigléireacht a laghdú

D'ardódh praghas toitíní breis is 20% in 11 thír faoi thogra ón gCoimisiún a laghdódh na difríochtaí cánach tobac atá idir na Ballstáit AE. 

Cuid de bheartas is ea an togra seo ina bhfuil breis cosanta ó dheatach an tobac, rialú níos fearr ar inneachar na dtáirgí tobac agus srianta níos doichte ar fhógraíocht. 

Bíodh is go raibh na bearta seo úsáideach, fuarthas gur arduithe ar phraghas na dtáirgí tobac an tslí is éifeachtaí chun caitheamh tobac a laghdú.  Ceann de na príomhchúiseanna le breoiteacht is le bás san AE is ea na toitíní.  Mhéadódh an moladh seo praghas na dtoitíní breis is 20% sna 5 bliana romhainn, bunaithe ar fhigiúirí 2006.  Sa Pholainn a bheadh an  méadú is mó, thart ar 47%, agus ina dhiaidh sin an tSlóvaic is an Bhulgáir le 36%. 

Dúirt an Coimisiún go laghdódh íosdleacht máil níos airde an t-éileamh ar thoitíní de 10% faoi 2014. 

"Tacaíonn an togra le beartas an AE chun caitheamh tobac a laghdú agus difríochtaí  praghsanna do tháirgí tobac laistigh den AE a laghdú freisin", arsa László Kovács, coimisinéir na cánach is an chustaim. 

"Laghdóidh sé an tsiopadóireacht thrasteorann is tabharfaidh sé faoin trádáil mhídhleathach, atá ag déanamh díobhála do chuspóirí sláinte na mBallstát a ghearrann cánacha níos airde chun caitheamh tobac a laghdú."

Tá difríochtaí móra cánachais ar thobac ag cur an mhargaidh as a riocht, le tíortha áirithe ag gearradh sé  oireadh na híosmhéide. 

Dhéanfadh  an moladh athshainmhíniú ar thodóga, ar thodóigíní is ar thobac píopa, a bhfuil ráta cánach níos ísle orthu bíodh is go ndéanann siad dochar don tsláinte.  Choscfadh an sainmhíniú nua díol na dtoitíní nó a macasamhla faoin gcatagóir seo. 

Idir 2002 agus 2006, laghdaigh caitheamh toitíní de 10% san AE, ach mhéadaigh caitheamh an tobac mhínghearrtha de 10%.

Breis eolais ar chánacha ar thobac san AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links