Cosán nascleanúna

Vótaí istigh sa chomórtas deartha euro - 25/02/2008

Dearadh mona comórtha an euro

Roghnaigh Eorpaigh an dearadh nua do mhona nua 2-euro, chun 10ú lá breithe na hairgeadaíochta aonair a chomóradh

Chun féachaint ar an dearadh a bhuaigh, caith súil ar shuíomh gréasáin do dhearadh an mhona euro.   

I 2009, beidh 10 mbliana ann ó thug an t-Aontas Geilleagrach agus Airgeadaíochta an euro isteach. Tá tíortha an euro chun mona 2-euro ar leith a eisiúint chun an ócáid a cheiliúradh. 

Tugadh cuireadh do phobal na hEorpa an dearadh ab fhearr leo a roghnú ó 5 dhearadh a ghearrliostaigh stiúrthóirí an mhionta Eorpaigh. 

Ghlac 141,675 Eorpach páirt sa vótáil, a bhí ar siúl ón 31 Eanáir. Saothar le George Stamatopoulos, dealbhóir ó Bhanc Ceannais na Gréige, a bhuaigh an comórtas, le 41.48% de na vótaí.  In Eanáir 2009, eiseoidh 15 thír an euro thart ar 90 milliún de na monaí – agus an dearadh nua seo orthu go léir.

Seo an dara mona comórtha a bhuail tíorta uile limistéar an euro le chéile.  Chomóir an chéad cheann, i 2007, féile 50 bliain an chonartha a bhunaigh an tAE.  Bíonn taobh caighdeánach amháin – i bpáirt ag gach tír – ag na gnáthmhonaí euro, agus taobh náisiúnta a thaispeánann comharthaí náisiúnta nó banríonacha/ríthe. 

Luach 2 euro a bhíonn ag monaí comórtha i gcónaí.  Amhail an gnátheuro, is féidir iad a chaitheamh in aon áit sa limistéar euro, ach is cosúil gur bailitheoirí a thiomsóidh cuid mhaith acu.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links