Cosán nascleanúna

An Chipir is Málta sa limistéar euro - 03/01/2008

Glacann an Chipir is Málta leis an euro

Monaí is nótaí bainc nua do mhuintir na Cipire agus Mhálta agus an dá thír ar na baill is nua sa limistéar euro. 

An Chipir agus Málta an chéad dá thír eile a bhlaisfidh tairbhe an euro benefits of the euro DeutschελληνικάEnglishespañolfrançais – gnó agus taisteal níos éasca, gan ach dhá cheann a lua.  An 1 Eanáir sóinseáladh punt na Cipire ag ráta 0.585 don  euro agus lira Mhálta ag 0.429.

Mar sin tá sé in am do dhaoine sa dá thír sin na muicíní taisce agus prócaí a fholmhú agus aon airgead tirim a bhí coigilte do lá na coise tinne acu a thochailt amach.  Beidh tréimhse bhreise ina malartóidh bainc cheannais an dá airgeadra saor in aisce - dhá bhliain do mhonaí agus deich mbliana do nótaí bainc. 

Chun an t-athrú a dhéanamh chomh héasca agus is féidir, taispeánfar praghasanna san euro agus sa seanairgeadra go dtí 30 Meán Fómhair 2008, tá fearais tosaithe euro ar fáil agus cuireadh suímh ghréasáin ar leith ar bun do na Cipirigh Cypriots English agus do na Máltaigh Maltese English .

Ó thaobh na háilleachta de, tig le hEorpaigh gach áit a bheith ag faire amach don chaora mouflon Chipireach agus don teampall Knajdra réamhstairiúil Máltach ar na monaí 1, 2 agus 5 cheint, chomh maith le long Ciréineach na Cipire agus feathal Mhálta ar na monaí 10,20 agus 50 ceint ón dá thír.  Íol réamhstairiúil i bhfoirm croise a bheidh ar na monaí 1 agus 2 euro ón gCipir, agus an Chrois Mháltach ocht-bpointeach orthusan ó Mhálta.

Monnaie de Paris  a bhuaileann an 200 milliún mona euro Máltacha Maltese euro coins English agus Mionta na Fionlainne a bhuaileann an 395 milliún mona euro Cipireacha Cypriot euro coins English (ar luach €100.26m).  Táirgeadh thart ar 80 milliún nóta euro do Mhálta agus 79 milliún don Chipir. 

Chun eagla roimh arduithe praghasanna le linn na hidirthréimhse a mhaolú, seoladh roinnt tionscnamh chun cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus chun mionreacairí a chosc ó bhuntáistí míchothroma a lorg.   Faoin tionscnamh FAIR (Fair-pricing Agreements in Retailing – Comhaontaithe do Phraghasanna Cothroma sa Mhiondíol), tá geallta ag 5 000 fear gnó Máltacha gan a bpraghasanna a ardú agus an praghas sa dá airgeadra a thaispeáint i gceart.  Agus beidh "siopadóireacht rundiamhrach" gan ainm ann chun drochchleachtadh a dhíothú, le torthaí a chuirfear ar fáil de réir na hearnála gníomhaíochta. 

15 thír atá sa limistéar euro anois.  Is í an tSlóivéin an t-aon tír eile díobhsan a tháinig isteach san AE i 2004 a ghlac leis an euro go dtí seo.  An  tSlóvaic i 2009 an chéad cheann  eile, is dócha. 

Vinsamlegast skoðaðu ελληνικάEnglishMalti

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links