Cosán nascleanúna

Luach saothair tugtha ag an AE do 27 grúpa as bheith ag obair ar son na hoidhreachta cultúrtha - 07/05/2014

Eaglais Dragomirna, Suceava na Rómáine © Solomonea Carmen Cecilia / Europa Nostra

Bronnadh Duais Oidhreachta Cultúrtha an AE do 2014 ar na buaiteoirí as a fheabhas a ghnóthaigh siad in obair a bhaineann le caomhnú agus oidhreacht.

Tugadh aitheantas do 27 grúpa ar fud na hEorpa as a fheabhas a ghnóthaigh siad i réimse na hoidhreacht cultúrtha, ó chaomhnú go hoideachas agus oiliúint. As 160 ionrálacha, roghnaigh panéil saineolaithe 6 thionscadal mar bhuaiteoirí an Gand Prix:

  • tionscadal le haghaidh ailtireacht áitiúil Thithe Walser an 16ú haois mall go lár an 19ú haois a athchóiriú English in Alagna Valsesia na hIodáile
  • caomhnú 8 gcomharchumann déanta fíona i gCatalóin English na Spáinne a tógadh ag tús an fichiú haois sa stíl nua-aoiseach agus atá in úsáid fós
  • taighde ar mhodhanna tógála Rómhánacha English i bPeilipinéis na Gréige
  • Comhlachas oidhreachta tírdhreacha Kempen English, a bhfuil modh uathúlach ceaptha acu le 800 heictéar de thírdhreach stairiúil sa Bheilg a chaomhnú agus a riaradh
  • tionscadal le haghaidh feasacht a ardú maidir le hoidhreacht chultúrtha Miskolc English na hUngáire, cathair a mbaineann stair shaibhir léi ach ar tháinig meath uirthi ó bhí na 1980í ann
  • athchóiriú freascónna ón 17ú haois English atá ar 900 méadar cearnógach de bhalla ag Eaglais Dragomirna sa Rómáin. h/Bhuaigh an tionscadal sin Duais Rogha an Phobail freisin i ndiaidh pobalbhreithe ar líne inar ghlac 10 000 vótálaí páirt.

Bhronn an teanór ceoldráma Plácido Domingo, Uacharán Europa Nostra, corn ar gach buaiteoir ag an searmanas i Vín an 5 Bealtaine Tugadh €10 000 an duine do bhuaiteoirí an Grand Prix freisin.

Oidhreacht chultúrtha na hEorpa

Na duaiseanna seo, a sheol an AE agus Europa Nostra in 2002 - gluaiseacht saoránach le haghaidh oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hEorpa a chaomhnú - is é an sprioc atá acu

  • feabhas sa réimse sin a chur chun cinn agus a spreagadh
  • aird a tharraing ar áilleacht agus ar luach socheacnamaíoch oidhreacht chultúrtha na hEorpa
  • roinnt an dea-chleachtais a chothú.

Ó 2007 go dtí 2013 bhí Clár Cultúrtha an AE ag tabhairt tacaíochta don scéim agus d'infheistigh sé beagnach €40m i dtionscadail a bhaineann leis an oidhreacht. Is é Eoraip Chruthaitheach a chomharba agus tá buiséad €1.5bn aige sin le haghaidh tacaíocht a thabhairt do na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha sna 7 mbliana amach romhainn. 

Seachas an luach a bhaineann léi inti féin, is luachmhar an acmhainn í an oidhreacht chultúrtha ó thaobh turasóireachta, forbartha inbhuanaithe agus comhtháthú sóisialta de.

Preaseisiúint - bronnadh Dhuais Oidhreachta Cultúrtha an AE / Dhuaiseanna Europa Nostra ελληνικάfrançaisEnglishNederlandshrvatskiDeutschitalianoromânăespañol

Europa Nostra English

Duais Oidhreachta Cultúrtha an AE / Duaiseanna Europa Nostra do 2014 English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links