Cosán nascleanúna

An AE le duaiseanna a bhronnadh as ábhar ar líne ar an Lá le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte - 11/02/2014

Máthair agus a hiníon ag úsáid an ríomhaire © Shutterstock

Inniu an 11ú Feabhra, tá an AE ag glacadh páirte i gceiliúradh domhanda an Lae le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte, 2014, trí dhuaiseanna ar líne a bhronnadh agus trí fhorógra don óige agus suíomh gréasáin sábháilteachta a sheoladh.

Tá an Lá le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte á chéiliúradh le 11 bhliain anuas agus tá sé ag cur chun cinn gur cheart do leanaí úsáid níos fearr a bhaint as an idirlíon agus as teicneolaíochtaí digiteacha, sa dóigh is go dtig leo bheith ag foghlaim agus ag súgradh ar líne ach a bheith cosanta ó ábhar díobhálach ag an am céanna (cosanta ón gcibearbhulaíocht, ó shuíomhanna gréasáin cearrbhachais agus ó sceamáil ar líne mar shampla). Is é sluán na bliana seo "Cruthaímid idirlíon níos fearr le chéile."

Chun an lá a chéiliúradh, beidh Leas-Uachtarán Neelie Kroes ón AE ag bronnadh na nDuaiseanna Eorpacha ar an Ábhar is fearr ar líne do Leanaí. Ábhar spreagtha is é an comórtas chun ábhar nua ar líne a chruthú - ó shuíomhanna gréasáin agus blaganna go físeáin agus cluichí - a chuideoidh le daoine óga foghlaim agus súgradh a dhéanamh go sábháilte ar líne. Roghnaíodh an 12 bhuaiteoir - daoine fásta agus leanaí ó thíortha amhail an Bheilg, Poblacht na Seice, an Ríocht Aontaithe agus an Íoslainn - as measc breis agus 1100 iarratasóir ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. 

Ag cuidiú le scoileanna

Ar an Lá le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte seolfar freisin

  • comhairliúchán Eorpach leis an aos óg faoi mar is féidir an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine óga -
  • suíomh gréasáin don "Lipéad r-shábháilteachta".

Cuideoidh an suíomh gréasáin le scoileanna timpeallacht níos sábháilte ar líne a chruthú

  • trí chomhairle a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an chibearbhulaíocht agus ionsaithe víris
  • trína chur ar chumas na scoileanna a bpleananna gníomhaíochta féin a chruthú
  • trí fhóram do mhúinteoirí a bhunú chun taithí a mhalartú agus ar a mbeidh saineolaithe in ann ceisteanna a fhreagairt.

Tríd an gclár, is féidir le scoileanna Lipéad r-Shábháilteachta a ghnóthú a chuirfidh siad ar a suíomh gréasáin féin.

Rannpháirtíocht dhomhanda

Tionscnamh de chuid an AE a bhí sa Lá le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte nuair a bunaíodh ar dtús é in 2004 ach tá sé á chéiliúradh anois i mbreis agus 100 tír, agus bhí corradh le 10 milliún duine páirteach sna himeachtaí anuraidh.

I mbliana, tá imeachtaí ceiliúrtha eagraithe ag tíortha ón Albáin go Veiniséala - rudaí ar nós imeachtaí i scoileanna, seónna raidió, comhdhálacha, cluichí agus comórtais.

Is féidir eolas faoi imeachtaí i do cheantar féin a fháil ar shuíomh gréasáin an Lae le haghaidh Idirlín Níos SábháilteEnglish, nó is féidir an ceiliúradh a leanúint ar Twitter leis na haischlibeanna #betterinternet agus #SID2014.

Suíomh gréasáin don Lá le haghaidh Idirlín Níos SábháilteEnglish

Duaiseanna don Ábhar is fearr ar líne do LeanaíбългарскиčeštinaDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinasuomi

Suíomh gréasáin don Lipéad r-shábháilteachtačeštinaDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolhrvatskiNederlandsportuguêsmagyarromânăsuomi

Clár Oibre Digiteach don EoraipEnglish

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links